S1 E1 24m
Sa tsraith seo téann sár-cheoltóirí agus sár-amhránaithe ag póirseáil trí ábhar cartlainne chun píosaí nua chumadh. Caitheann an fidléir Andrea Palandri súil ar scéal Phádraig Uí Chaoimh, máistir cheol Shliabh Luachra. Casann fear na hIodáile le ceoltóirí agus le taighdeoirí, Matt Cranitch agus Peter Browne ina measc agus aimsíonn siad taifeadtaí de cheol Phádraig nár chualathas riamh cheana. Seinneann Andrea cúpla port a bhaineann le Pádraig Ó Caoimh i dteannta Clíodhna agus Cormac Begley, Nicky McAullife agus Aidan Connolly.
Béarla
12 Bealtaine 2024