S1 E1 1h 18m
Clár faisnéise speisialta a dhéanann ceiliúradh ar 50 bliain de Pheil na mBan. Tabharfar léargas ar chuile ghné den spórt ón bpáirc áitiúil go Páirc an Chrócaigh. Feicfear imreoirí, ceannairí agus lucht féachana as gach cearn den tír sa gclár seo agus an tionchar a bhí agus atá acu ar an rath atá ar Pheil na mBan. Beidh na ceannródaithe agus na hiar-imreoirí atá ag croílár an spóirt ar an gclár freisin. Ainmnithe i 'Clár Faisnéise Spóirt' do Ghradaim Fhéile na Meán Ceilteach 2026
Béarla
22 Nollaig 2024