S1 E1 24m
Sraith nua faisnéise 6 chuid é Triall ar an Tobar ina bhfiosraítear an miotas agus an béaloideas a bhaineann le toibreacha beannaithe na hÉireann. Tabharfaidh Manchán Magan turas ar thoibreacha ar fud na tíre, áiteanna guí agus urnaí leis na céadta bliain agus a thugann faoiseamh agus suaimhneas do dhaoine fós. Cé leis a mbaineann na gnásanna a ghabhann leis na toibreacha seo agus cé hiad na daoine a choinnigh an traidisiún beo? Tabharfaidh Manchán cuairt sa gcéad eagrán ar Acaill, ar Chonamara agus ar Aird Mhór i bPort Láirge chun tuilleadh eolais a fháil ar thoibreacha beannaithe le cósta.
Béarla
14 Márta 2024