An Balla

Faisnéis

Sraith den chéad scoth ina bhfiosróidh Síle Nic Chonaonaigh ceithre cinn de na ballaí agus teorainneacha is aitheanta ar fud an domhain. Teorainneacha iad a mhúnlaigh stair na gceantar ina bhfuil siad, ballaí a bhfuil scéalta dóchais agus athmhuintearais ag baint leo, fiú in am na hanacra.

Béarla 15A

An Spáinn & Maracó

Eipeasóid 1

S2 E1 50m

Téann Síle Nic Chonaonaigh ar aistear chun tuilleadh a fháil amach faoin teorainn idir an Spáinn agus Maracó in Ceuta, áit a sheasann balla ard idir an Afraic agus an Eoraip. Casfaidh Síle le himircigh a chuireann a mbeatha i mbaol chun an teorainn a thrasnú ó tharla gurb é seo tairseach na hEorpa ag go leor daoine. Labhraíonn sí le muintir na háite a mhaireann in áit atá lán le teannas agus le daoine spreagúla a cabhraíonn leo siúd atá i bpriacal.

An Bhrasaíl

Eipeasóid 2

S2 E2 50m

Tugann Síle Nic Chonaonaigh aghaidh ar São Paulo sa Bhrasaíl chun léargas a fháil ar an deighilt idir an saibhir agus an daibhir sa gcathair. Scarann ballaí dofheicthe na pobail shaibhre agus na favelas plódaithe. Labhraíonn Síle le daoine atá ag iarraidh an dá phobal a nascadh chun deis a thabhairt do dhaoine sna pobail is mó atá faoi mhíbhuntáiste saol níos fearr a bheith acu.

An Fhionlainn & An Rúis

Eipeasóid 3

S2 E3 50m

Faigheann Síle Nic Chonaonaigh amach faoin saol ar an teorainn idir an Fhionlainn agus an Rúis. Níl cead an teorainn a thrasnú ó rinne an Rúis ionsaigh ar an Úcráin, rud a d'athraigh an saol ó bhonn do dhaoine ar gach aon taobh den teorainn. Cloisfidh sí scéalta coscracha ó theaghlaigh ar an dá thaobh, casfaidh sí leo siúd a bhíonn ag cosaint an teorainn agus inseoidh daoine di faoi mar a chaill siad a slí bheatha thar oíche nuair a dúnadh an teorainn.

Vítneam

Eipeasóid 4

S2 E4 50m

Tá leathchéad bliain caite ó cuireadh deireadh le Cogadh Vítneam agus ó athaontaíodh an tír, tugann Síle Nic Chonaonaigh aghaidh ar Vítneam go bhfeicfidh sí an dochar a rinne an cogadh, dochar atá fós le feiceáil sa lá atá inniu ann. Casfaidh sí le saighdiúirí a throid ar an dá thaobh; rachaidh sí i mbun oibre le daoine a bhíonn ag fáil réidh le hordanás neamhphléasctha; agus labhróidh sí le daoine atá fós ag fulaingt mar gheall ar an gcogaíocht cheimiceach. Tá radharcanna ann atá deacair féachaint orthu le daoine atá ag fulaingt as droch éifeacht Agent Orange.