An Bealach Ó Dheas

Faisnéis

Sraith siúlóide i gcomhluadar Dermot Somers. Leanfaidh sé siúlóid Glover, an tslí cháiliúil sléibhe idir an Mhucais agus an Earagal i gContae Dhún na nGall. As sin tabharfaidh sé aghaidh ar Ghleann Cholm Cille.

Béarla G

Ciarraí & Corcaigh

Eipeasóid 6

S1 E6 26m

Ceann cúrsa. Sraith siúlóide i gcomhluadar Dermot Somers. Tá contaetha Chiarraí agus Chorcaí sroichte ag Dermot anois agus tugann a chuairt é go dtí ceann tíre i bhfad siar nach bhfuil aon bhóthar chuige - fós. Ar aghaidh leis ansin go dtí Carn Uí Néid.

An Clár

Eipeasóid 5

S1 E5 26m

Sraith siúlóide i gcomhluadar Dermot Somers. Tá sé i gContae an Chláir anois agus aolchloch faoina chois. Tá draíocht ar leith san áit agus leigheas ar dhathacha fiacal freisin, más fíor.

Conamara

Eipeasóid 4

S1 E4 26m

Sraith siúlóide i gcomhluadar Dermot Somers. Tá sé i gConamara anois agus é buailte ag an drochaimsir agus buartha faoi bhóithre nua i ngleannta iargúlta. Tabharfaidh sé aghaidh ar mhullach na mBeanna Beola.

Maigh Eo

Eipeasóid 3

S1 E3 26m

Sraith shiúlóide i gcomhluadar Dermot Somers. Beanna agus gleannta Mhaigh Eo a bheidh á siúl aige sa gclár seo. Léireoidh sé an éagsúlacht mhór atá eatarthu ó na sluaite a dhreapann Cruach Phádraig, uaigneas Dhúlocha agus Cnoc Mhaol Réidh.

Sligeach

Eipeasóid 2

S1 E2 26m

Sraith siúlóide sléibhe. Tá Dermot Somers anois i Sligeach agus ar mhullach Bhinn Ghulbain. Ach tá mullaigh diamhra eile sa gcomharsanacht freisin.

Dún na nGall

Eipeasóid 1

S1 E1 26m

Sraith siúlóide i gcomhluadar Dermot Somers. Leanfaidh sé siúlóid Glover, an tslí cháiliúil sléibhe idir an Mhucais agus an Earagal i gContae Dhún na nGall. As sin tabharfaidh sé aghaidh ar Ghleann Cholm Cille.