An Cuan

Faisnéis

Léargas ar bhliain a caitheadh i gceann de na héiceachórais is aitheanta agus is uathúla in Éirinn - Cuan Bhaile Átha Cliath. Tá beagnach 1.5 milliún duine ina gcónaí i mBaile Átha Cliath, agus cé go bhfuil ceann de na calafoirt is gnóthaí san Eoraip le cósta Chuan Bhaile Átha Cliath, is Bithsféar ainmnithe ag UNESCO é chomh maith. Lán le beatha, idir fhiadhúlra agus dhaoine, is iomaí dúshlán atá os comhair an chuain, dúshláin nádúrtha agus dúshláin atá cruthaithe ag an duine féin - an éireoidh leis an dá shaol maireachtáil taobh le chéile.

Béarla G

An tEarrach

Eipeasóid 1

S1 E1 49m

Le teacht an Earraigh bíonn beocht in éiceachóras Chuan Bhaile Átha Cliath. Tugann taoidí an Earraigh tonnta arda chun an Chuain agus tá teaghlach amháin ag iarraidh a dteach a chosaint ón bhfarraige atá ag creimeadh léi de shíor. Tugann an Chomhairle aghaidh ar thinte portaigh contúirteacha i mBinn Éadair agus déantar píosa staire atá ligthe i ndearmad a nochtadh. Déantar iniúchadh ar chultúr muirí saibhir dhugaí Bhaile Átha Cliath trí thraidisiún na gcéadta bliain de rabhcáin mhuirí.

Samhradh

Eipeasóid 2

S1 E2 49m

Bíonn Cuan Bhaile Átha Cliath faoi bhláth i rith an tsamhraidh agus baineann muintir an chuain an leas is fearr as an dea-aimsir. Déanann éiceolaithe seiceáil ar na pontúin speisialta don phobal áitiúil geabhróg. Déanann tumadóirí iniúchadh ar shaol draíochtúil Chuan Bhaile Átha Cliath de réir mar a bhíonn an aimsir the ag tabhairt breis dúshlán don éiceachóras áitiúil.

An Fómhar

Eipeasóid 3

S1 E3 50m

An Fómhar - tráth a mbíonn na laethanta ag giorrú agus na chéad stoirmeacha móra ag réabadh an chósta. Ar Oileán an Bhulla, seiceálann luibheolaithe bláthanna fiáine deireanacha na bliana. De réir mar a chuireann Calafort Bhaile Átha Cliath tús le clár dreidireachta ollmhór, ní mór d'éiceolaithe a chinntiú nach mbeidh drochthionchar ag an obair ar líon na muc mara atá sa cheantar. Bíonn surfálaithe ag marcaíocht ar thonnta na long ollmhór a thagann isteach sa chuan agus féachann Flossie, éicighníomhaí óg, le tránna an chuain a ghlanadh.

An Geimhreadh

Eipeasóid 4

S1 E4 50m

Tá an aimsir fhuar ar an mbealach agus bliain sa Chuan ag teacht chun deiridh. Bíonn Muir Éireann ag réabadh línte iarnróid Mhearlíne Átha Cliath de shíor agus bíonn ar innealtóirí obair a dhéanamh ar an ráille chun é a chosaint ó chreimeadh cósta. Tá bealach iontach ag Flossie chun airgead a bhailiú dá carthanacht. Cabhraíonn oibrithe deonacha le rón teacht chuige féin agus bíonn muintir na háite ag tóraíocht sceana mara i gCuan Bhaile Átha Cliath.