S1 E2 50m
Sraith nua chleamhnais é Aperitíf ina gcuirfear béile agus b'fhéidir grá chun boird cúrsa ar chúrsa. Rachaidh triúr atá sa tóir ar a ngrá geal ar thrí choinne chéad aithne i ngach clár. Gheobhaidh na hiarrthóirí an deis aithne a chur ar a chéile agus beidh neart gáire agus comhrá ionraic acu freisin. Nuair a bheidh blaiseadh beag faighte ag na hiarrthóirí den triúr, beidh orthu duine amháin a roghnú chun leanúint leis an gcúirtéireacht. Cuirfidh Mairéad agus Cuan fáilte roimh Tadhg, Marc , agus Sorcha an tseachtain seo agus iad triúr sa tóir ar ghrá.
Béarla
30 Meán Fómhair 2026