Ar Iarraidh

Faisnéis

Is sraith faisnéise nua é Ar Iarraidh le Midas Productions do TG4 ina n-insítear scéalta faoi dhaoine atá ar iarraidh trí shúile a muintire agus a gcairde.

Béarla 16

Dean Roche

Eipeasóid 4

S1 E4 52m

Ar an 22 Márta 2015, d'fhág Dean Roche teach a mháthar i bPáirc Hebron, Cill Chainnigh, chun carr a cheannach. Ba é sin an uair dheireanach a labhair sé lena mháthair. Níl bun ná barr le fáil ar chás Dean ón lá a ndeachaigh sé ar iarraidh. Síleann a mhuintir agus a chairde go bhfuil freagra na ceiste le fáil sa gceantar inar chonacthas Dean go deireadh. Línte Cabhrach: Samaritans Ireland 116 123 National Missing Persons Helpline 1800 442 552/ríomhphoist: office@nmph.ie

Esra Uyrun

Eipeasóid 3

S1 E3 49m

Chuaigh Esra Uyrun chuig an siopa chun pionta bainne a fháil ar an 23ú Feabhra 2011, seachtain sular shlánaigh sí bliain le cois an dá scór. D'fhág Esra a teach i gCluain Dolcáin, i mBaile Átha Cliath ar maidin agus níor facthas riamh ó shin í. Tagann deirfiúr Esra, Berna agus a cara Ilknur go hÉirinn cúpla uair in aghaidh na bliana chun scéal Esra a fhiosrú agus iad ag súil do dtiocfaidh duine éigin chun cinn le heolas nua. Tá léargas le fáil sa gclár seo ar an gcrá croí a bhaineann le duine muinteartha leat a bheith ar iarraidh. Línte Cabhrach: Samaritans Ireland 116 123 - National Missing Persons Helpline 1800 442 552/ríomhphoist: office@nmph.ie

Columba McVeigh

Eipeasóid 2

S1 E2 50m

Chuaigh Columba McVeigh, 19 bliain d'aois, ar iarraidh Oíche Shamhna 1975. Tháinig an déagóir leochaileach seo salach ar an dá thaobh sa tuaisceart le linn na Trioblóidí. In 1998, d'admhaigh an IRA gur fhuadaigh agus gur dhúnmharaigh siad grúpa daoine ar a dtugtar 'The Disappeared'. Ainmníodh Columba ar cheann de na daoine seo. Níl ach cúpla teaghlach fós ann atá ag iarraidh teacht ar choirp na ndaoine a bhaineann leo. Tar éis beagnach 50 bliain tá muintir McVeigh fós ar a ndícheall ag cuardach. Feictear an cuardach atá fós ar bun do Columba sa gclár seo. National Missing Persons Helpline 1800 442 552/ríomhphoist: office@nmph.ie - Samaritans Ireland 116 123.

Ciara Breen

Eipeasóid 1

S1 E1 50m

Clár faoi Chiara Breen a chuaigh ar iarraidh óna teach cónaithe i nDún Dealgan an 13 Feabhra 1997. Bhí amhras faoi fhear as an áit ag an am. Blianta ina dhiaidh sin, in 2015, rinneadh cuardach ar cheantar ar a dtugtar Portach Balmer. Ní bhfuair máthair Chiara amach riamh cad a bhain dá hiníon. Tá a muintir fós ag iarraidh a fháil amach cad a tharla do Chiara. Línte Cabhrach: Women's Aid 1800 341 900 - Samaritans Ireland 116 123 National Missing Persons Helpline 1800 442 552 - office@nmph.ie