S1 E1 50m
Sa mbliain 1933 chuaigh an tOllamh as Harvard Arthur Kingsley Porter ar iarraidh tar éis dó an oíche a chaitheamh ar Inis Bó Finne i nGaeltacht Dhún na nGall. Chuaigh sé amach ag siúl agus níor facthas riamh ní ba mhó é. Níor aimsíodh a chorp riamh. Céard a tharla don mhilliúnaí as Meiriceá? Ar thit sé d'aillte an oileáin? Ar chuir sé lámh ina bhás féin? Nó ar éalaigh sé chun saol eile a chaitheamh, mar a cheapann muintir na háite? Fiosraíonn Kevin Magee an scéal agus féachann le tuilleadh eolais a fháil a d'fhéadfadh léargas a thabhairt ar an méid a tharla 90 bliain ó shin.
Béarla
02 Bealtaine 2024