Ar Son na Cúise

FaisnéisHuman Interest/Local Interest

Tugann dlúthchairde Joe Ó Dónaill agus Ray Mac Mánais faoi chamchuairt shiamsúil agus iad sa tóir ar chomhluadar, greann agus craic. Feicfear an spórt a bhíonn ag Joe agus Ray le chéile fad a bhíonn siad ag iarraidh blaiseadh de ghreann na Gaeltachta a fháil.

Béarla G

Múscraí

Eipeasóid 4

S1 E4 25m

Is go Múscraí i gCo. Chorcaí a théann Joe Ó Dónaill agus Ray Mac Mánais do chlár deiridh na sraithe. Bíonn pionta acu i mBarr an Chuma sula dtugann siad iarraidh ar an mbabhláil bhóthair agus ní fada go mbíonn sé ina ghéarchoimhlint eatarthu. Tugann siad cuairt ar fheirm sa gceantar ansin, áit a théann Joe ag marcaíocht ar bhuabhall agus Ray i ngreim rópa ann. Caitheann an bheirt súil siar ar an turas iontach a bhí acu le linn na sraithe chun clabhsúr a chur ar an gclár.

Corca Dhuibhne

Eipeasóid 3

S1 E3 25m

Tugann Joe Ó Dónaill agus Ray Mac Mánais aghaidh ar Chorca Dhuibhne áit a bhfeictear cé chomh mór le chéile is atá siad. Casfar seanchairde ó Raidió na Gaeltachta orthu agus déanann siad steip i dteach tábhairne Kruger i nDún Chaoin. Buaileann siad le saor cloiche sula dtéann siad chuig Féile Bia Dhaingean Uí Chúis.

Conamara

Eipeasóid 2

S1 E2 25m

Sroicheann Joe agus Ray Cois Fharraige i gConamara áit a mbuaileann siad isteach ag muintir Neachtain sa Spidéal chun lúibíní agus cuimhní cinn ón Oireachtas a roinnt. Tugann siad faoi cheacht iomraimh i gcuracha i Ros Muc agus faigheann siad folcadh feamainne i Letir Mealláin sula mbuaileann siad siar chuig clann cheolmhar Sonaí Choilm Learaí.

Tír Chonaill

Eipeasóid 1

S1 E1 25m

Tugann dlúthchairde Joe Ó Dónaill agus Ray Mac Mánais faoi chamchuairt shiamsúil agus iad sa tóir ar chomhluadar, greann agus craic. Fágann an bheirt Baile Áth Cliath ina ndiadh agus tugann siad agaidh ar Thír Chonaill, áit a mbíonn "bronntanas" ag a sean-chara Niall Mac Eamharcaigh dóibh. Is gearr go mbíonn deacrachtaí acu ar an mbóthar ach ní tada nach bhfuil braoinín uisce coisreacain in ann a leigheas. Tugann siad faoi thuras beag farraige ansin amach chuig oileán dhúchais Joe, Inis Meáin.