Bean an Tí sa Chistin

SiamsaíochtNostalgia

Sraith cócaireachta á chur i láthair ag Pádraig Ó Sé ina dtabharfaidh mná tí aghaidh ar a chéile sa gcistin leis an duais mhór a bhuachan. Is iad na gaeilgeoirí na moltóirí agus iadsan a roghnóidh an buaiteoir.

Béarla PG

Bean an Tí sa Chistin

Eipeasóid 15

S2 E15 26m

Seo agaibh é! An babhta ceannais! Tabharfaidh Miséil De Grás aghaidh ar Bernadette Ní Chadhain i mbabhta ceannais Bhean an Tí sa Chistin 2012. Beidh an bheirt ar a ndícheall an duais deireadh seachtaine i Scoil Cócaireachta Bhaile Uí Mhaolmhuaidh a bhuachan chomh maith le dearbhán €1,000 le caitheamh i siopa earraí Anthony Ryan. Beidh a ndóthain le déanamh ag an seisear moltóirí, seisear Gaeilgeoirí, an béile is fearr a roghnú!

Bean an Tí sa Chistin

Eipeasóid 14

S2 E14 26m

Beirt Bhan Tí óga a bheidh sa chistin anocht agus gan iad ach dinnéar agus milseog amháin ón gclár deiridh. Is cairde maithe iad Bernadette Ní Chadhain agus Léan Bán Breathnach ach níl ach aon áit amháin fanta sa mbabhta ceannais agus mar sin beidh brú mór ar an mbeirt chailíní óga seo anocht. Beidh brú mór ar na moltóirí freisin. Cé acu a rachaidh chun cinn?

Bean an Tí sa Chistin

Eipeasóid 13

S2 E13 26m

An chéad bhabhta leathcheannais a bheidh ar an gclár seo. Rachaidh beirt bhan tí cumasach in iomaíocht lena chéile le háit a bhaint amach sa mbabhta ceannais agus sa chlár deiridh. Beidh Patricia Uí Ghamhnáin agus Miséil De Grás faoi bhrú mór béile breá a ullmhú do na moltóirí - na Gaeilgeoirí!

Bean an Tí sa Chistin

Eipeasóid 12

S2 E12 25m

Léan Bán Breathnach as Cois Fharraige agus Nora Dillon a bheidh ag cócaireacht ar an gclár seo de 'Bean an Tí sa Chistin'. Ní bheidh deis ach ag duine de na mná seo dul ar aghaidh chuig an gcéad bhabhta eile. Ar dtús caithfidh siad béile blasta a ullmhú do na moltóirí - na Gaeilgeoirí. Iadsan a chinnfidh cé a rachaidh ar aghaidh agus cé a rachaidh abhaile!

Bean an Tí sa Chistin

Eipeasóid 11

S2 E11 25m

Is iad Máirín Uí Threasaigh agus Miséil De Grás a bheidh ar an gclár seo. Tá béile eile le réiteach acu do na Gaeilgeoirí a roghnóidh ina dhiaidh sin an béile is fearr leo. Tar éis na hoíche anocht beidh duine de na mná tí seo ag dul ar aghaidh chuig an mbabhta leathcheannais.

Bean an Tí sa Chistin

Eipeasóid 10

S2 E10 25m

Tabharfaidh Bernadette Ní Chadhain aghaidh ar Catherine Donohue sa dara babhta ceathrú ceannais. Tá sé ag éirí níos deacra teacht ar oidis nua ach cé acu den bheirt a rachaidh chun cinn chuig an mbabhta leathcheannais? Na Gaeilgeoirí a chinnfidh sin.

Bean an Tí sa Chistin

Eipeasóid 9

S2 E9 25m

Ar chlár an lae inniu tabharfaidh Siobhán Tim Ní Chonghaile aghaidh ar Patricia Uí Ghamhnáin sa bhabhta ceathrú ceannais. Tá cleachtadh maith ag an mbeirt bhan seo ar an gcóras anois ach an mbeidh siad in ann teacht ar bhéile eile a thaitneoidh leis na Gaeilgeoirí? Tá Pádraig Ó Sé le lámh chúnta a thabhairt dóibh freisin!

Bean an Tí sa Chistin

Eipeasóid 8

S2 E8 26m

Sraith cócaireachta ina rachaidh beirt bhan tí in iomaíocht le chéile chun béile a réiteach do sheisear Gaeilgeoirí. Na Gaeilgeoirí féin a roghnóidh an béile is fearr leo. Tabharfaidh Peigín Uí Mhárta as Conamara, Co. na Gaillimhe agus Nóra Dillon as Conamara, Co. na Gaillimhe aghaidh ar a chéile sa chlár seo. Cén béile is mó a thaitneoidh leis na moltóirí? Á chur i láthair ag Pádraig Ó Sé.