Beidh Aonach Amárach

Faisnéis

Tá 'Beidh Aonach Amárach' ar ais don dara sraith. Spraoi agus spórt, díospóireacht agus comhluadar - sin mar a bhíonn ag Taispeántais Feirme na tíre. Tabharfar léargas ar roinnt den 140 taispeántas feirme a bhíonn ar siúl ar fud na tíre gach bliain. Caitheann na mílte míonna ag fáil faoi réir do na comórtais agus téann ó cheann ceann na tíre chucu. Tabharfar léargas ar na daoine a bhíonn á n-eagrú agus a bhíonn ag moltóireacht ag na comórtais. I measc na dtaispeántas sa dara sraith beidh Seó Talmhaíochta Chluain Maine i gCo Dhún na nGall agus Aonach an Phoic i gCill Orglan, Co Chiarraí.

Béarla G

Beidh Aonach Amárach

Eipeasóid 1

S4 E1 25m

Táimid ar ais ag Seó Mór Balmoral áit a gcastar an réalta rugbaí Rory Best orainn. Taispeánfaidh captaen cáiliúil fhoireann na hÉireann agus réalta mhór Uladh, le cabhair óna athair John agus a mhac Ben, a chuid eallach ginealaigh Aberdeen Angus. Tá Aoife Chambers agus a gearrchapall, Black Betty ag an seó freisin tar éis turas fada ó Bhaile Uí Fhiacháin. Tá Joseph Mangan agus a chlann tagtha ó Ghort an Choirce don lá, agus beidh na garraíodóirí Paula agus Brendan Kerr ag faire amach do bhlúirí eolais sa bpuball mór garraíodóireachta ag Balmoral.

Seó Mhín na Croise, Co. Tír Chonaill

Eipeasóid 2

S4 E2 25m

Tá subh den scoth déanta do sheó Mhín na Croise ag an iomaitheoir Geraldine Uí Mhuirí. Ach i mbliana tá rud difriúil ag baint leis, is seó talmhaíochta 'fíorúil' é. Ní chuireann sé sin bac ar an bhfeirmeoir óg caorach, Seán Ó Dubhchoin ná ar an marcach, Aoibhinn Ní Bhaoill. Beidh Angela Ní Bhaoill ann freisin lena cuid glasraí. Labhróidh baill ó choiste an tseó linn agus míneoidh siad an obair a théann isteach sa gcineál seo taispeántais.

Beidh Aonach Amárach

Eipeasóid 3

S4 E3 25m

Tá Muintir Mhic Aoidh ó Charraig Mhachaire Rois ag teacht go Baile Coimín le blianta fada ach inniu tá Mícheál ann ina mholtóir. Beidh Breda agus Patrick Ó Caoimh san iomaíocht freisin. Leanann lucht na ceardaíochta ag obair leo sa mbaile, ina measc Lucy Nic Eoin an báicéir óg a dhéanann rudaí milse, deasa, agus Mícheál Mac Gloinn a dhéanann ciseáin den scoth in Árainn Mhór.

Beidh Aonach Amárach

Eipeasóid 4

S4 E4 25m

Tar éis bliain fhada gan seó capaillíní, tá na hiomaitheoirí Peter O'Malley agus Pádraic Ó Cualáin réitithe le tabhairt faoi na comórtais arís. Chuireadar obair chrua isteach ag réiteach na gcapaillíní. Leanaimid Peter agus é ag dul go Seó Capaillíní Greenacres i gCo. Dhún na nGall. Cén chaoi a mbeidh a stail tar éis briseadh fada? Tugaimid cuairt ar dhrioglann Mhicil agus léiríonn Rebecca O'Connor an t-iontas a bhaineann le dearadh agus déanamh earraí cuilteáilte. Tugaimid cuairt ar úinéir chró madraí agus Máistir Reiki d'ainmhithe, Bertina Roarty-Whitley i nGort an Choirce.

Beidh Aonach Amárach

Eipeasóid 5

S4 E5 25m

Tá Myles Leonard ag eagrú seó do Chlub Madraí na hÉireann den chéad uair ó thosaigh an phaindéim, i mBaile Chathail, Co. Mhaigh Eo. Faigheann Caitlín Nic Aoidh a céad cheacht ón saineolaí madraí Stephanie Walsh, sula gcuireann sí a spáinnéar uisce Muirígh sa gcomórtas den chéad uair riamh. Foghlaimíonn muid cúpla nod garraíodóireachta ón saineolaí Cian Bairéad as Ros Muc agus castar Gearóid Sweeney, an saor cloiche as Árainn Mhór, orainn chomh maith.

Beidh Aonach Amárach

Eipeasóid 6

S4 E6 25m

Níl a fhios cén obair atá déanta ag Sorcha, Eimhín agus Emma agus iad ag réiteach don seó capall i gCill Mhocheanóg. Feicfimid iad ag traenáil agus léiríonn siad an obair chrua a théann isteach sa réiteach ar fad. Leanfaimid iad go dtí an seó go bhfeicfimid cén toradh a bheidh air seo ar fad. Tabharfaimid sciuird ar an Spidéal áit a bhfuil Patsy Ó Conghaile i mbun feirmeoireacht eallach. In Ard an Rátha, tá tréad caorach ginealaigh ag Carol Ní Bhreisleáin.