Beidh Mé Ar Ais!

SiamsaíochtTravel

Tiocfaidh na láithreoirí Sinéad Ní Uallacháin agus Osgur Ó Ciardha ar áiteanna nua turasóireachta ar fud na hÉireann.Beidh siad beirt ag dul ar shlí neamh-chotianta le heachtraí taitneamhacha, limistéar áilleachta agus imeachtaí neamhghnácha a aimsiú. Áiteanna ar leith a chuirfeadh gliondar ar thurasóirí I gcongar agus I gcéin!

Béarla G

Beidh Mé Ar Ais!

Eipeasóid 1

S2 E1 49m

Sraith dhifriúil thurasóireachta a fhiosróidh áiteanna ar cheart do gach duine cuairt a thabhairt orthu. Is iad Sinéad Ní Uallacháin, an t-iriseoir, láithreoir agus podchraoltóir, agus Osgur Ó Ciardha, Bainisteoir Ginearálta na Tíre in Óstáin Locke, láithreoirí na sraithe seo. Tabharfaidh siad comhairle ar chonas taithí an chuairteora a fheabhsú. An tseachtain seo gheobhaidh Sinéad taithí ar shaol an phríosúin i nDún na nGall, agus tabharfaidh Osgur cuairt thar oíche ar theach imreoir cáiliúil sacair. Déanfaidh an bheirt a mbealach trí Bhaile Átha Cliath agus bainfidh siad taitneamh as an gcultúr Gaelach i gCo. dTiobraid Árann. Bainfidh siad triail as an sleamhnú láibe 240m i gCorcaigh agus tabharfaidh siad cuairt freisin ar an t-aon líne traenach i nDún na nGall atá fós ag feidhmiú.

Beidh Mé Ar Ais!

Eipeasóid 2

S2 E2 50m

Sraith turasóireachta dhifriúil a fhiosróidh áiteanna ar cheart do gach duine cuairt a thabhairt orthu. Tabharfaidh na láithreoirí, Sinéad Ní Uallacháin, iriseoir, craoltóir agus podchraoltóir, agus Osgur Ó Ciardha, bainisteoir bhrú na Tíre ó Locke Hotels i mBaile Átha Cliath, comhairle dúinn a fheabhsóidh taithí an chuairteora. An tseachtain seo, bainfidh Sinéad agus Osgur triail as ióga le gabhair, agus bainfidh Sinéad triail as surfáil i mBaile Bhlainséir, ansin gheobhaidh an bheirt eolas faoin 'Big Fella' i gCorcaigh agus go leor eile ar an mbealach.

Beidh Mé Ar Ais!

Eipeasóid 3

S2 E3 50m

Sraith dhifriúil thurasóireachta ina dtaispeánfar áiteanna ar cheart do gach duine cuairt a thabhairt orthu. Roinnfidh na láithreoirí, Sinéad Ní Uallacháin agus Osgur Ó Ciardha, a gcomhairle féin linn chun go mbainfidh turasóirí an tairbhe is fearr as a gcuairt. An tseachtain seo, féachfaidh Sinéad le dreapadh anuas caisleán, gheobhaidh Osgur amach faoi thionóntáin Bhaile Átha Cliath, rachaidh an bheirt acu ag péinteáil le púicín orthu chomh maith le go leor eile...

Beidh Mé Ar Ais!

Eipeasóid 4

S2 E4 50m

Sraith turasóireachta aisteach a fhiosróidh áiteanna ar cheart do gach duine cuairt a thabhairt orthu. Buailfidh na láithreoirí, Sinéad Ní Uallacháin agus Osgur Ó Ciardha, bóthar le comhairle a roinnt ar bhealaí a bhféadfaí taithí an chuairteora a fheabhsú. An tseachtain seo, gheobhaidh Sinéad an scéal faoin t-aon Bee Bed in Éirinn agus foghlaimeoidh Osgur faoin gcur i gcéill is mó riamh i saol an sacair. Ansin, tiocfaidh siad ar ais le chéile chun cuairt a thabhairt ar an Siúl Aille is áille in Éireann agus neart eile...

Beidh Mé Ar Ais!

Eipeasóid 5

S2 E5 50m

Sraith turasóireachta aisteach a fhiosróidh áiteanna ar cheart do gach duine cuairt a thabhairt orthu. Buailfidh na láithreoirí, Sinéad Ní Uallacháin agus Osgur Ó Ciardha, bóthar le comhairle a roinnt ar bhealaí a bhféadfaí taithí an chuairteora a fheabhsú. An tseachtain seo, tabharfaidh Sinéad cuairt ar réalta TikTok chun bailiúchán mór seandachtaí a fheiceáil. Rachaidh sí féin agus Oscar ansin ag tiomáint lena gcuid súile dúnta; beidh siad ag troid mar a bhíodh na Normannaigh fadó agus neart eile!

Beidh Mé Ar Ais!

Eipeasóid 6

S2 E6 50m

Sraith turasóireachta aisteach a fhiosróidh áiteanna ar cheart do gach duine cuairt a thabhairt orthu. Buailfidh na láithreoirí, Sinéad Ní Uallacháin agus Osgur Ó Ciardha, bóthar le comhairle a roinnt ar bhealaí a bhféadfaí taithí an chuairteora a fheabhsú. An tseachtain seo, críochnóidh na láithreoirí a gcuardach don tarraingt turasóireachta is fearr in Éirinn agus nochtfaidh siad cé a gheobhaidh an teideal agus an duais €5,000.00 chun cur i dtreo a ngnó.