S1 E4 25m
Tugtar léargas ar sheancheol tíre Mheiriceá agus ceol bluegrass in Éirinn sa tsraith ceoil nua seo. Is ag Féile Ceol Tíre agus Bluegrass Chathair na Mart is mó a rinneadh taifeadadh ar an tsraith á chur i láthair ag an gceoltóir Enda Scahill. Beidh ceol ó Late For The Train, The Burnett Sisters Band, Ian Knepper, Seth Mulder & Midnight Run agus Gadan i gclár deiridh na sraithe. Beidh ceoltóirí eile a bhí ag ceol le linn na sraithe ar an gclár freisin.
Béarla
28 Meitheamh 2026