Eipeasóid 6
S1 E6 48m
Tugann Carrie aghaidh ar Mhaigh Chromtha i gCo. Chorcaí go bhfeicfidh sí seanamharclann á cóirú. Fágadh drochbhail ar amharclann Briery Gap i ndiaidh tine ach anois tá an fhoireann chun an seanamharclann seo a réiteach arís.
S1 E6 48m
Tugann Carrie aghaidh ar Mhaigh Chromtha i gCo. Chorcaí go bhfeicfidh sí seanamharclann á cóirú. Fágadh drochbhail ar amharclann Briery Gap i ndiaidh tine ach anois tá an fhoireann chun an seanamharclann seo a réiteach arís.
S1 E5 49m
Tugann Carrie aghaidh ar Bhaile na Manach i gContae Bhaile Átha Cliath go bhfeicfidh sí seanteach scoile á chóiriú go gcuirfear ionad pobail ina áit. Is reachtaire de chuid Eaglais na hÉireann a bheartaigh tabhairt faoin togra seo agus feicfidh Carrie an leas a bhainfidh grúpaí áitiúla as an ionad.
S1 E4 50m
Tugann Carrie aghaidh ar Chionn tSáile go bhfeicfidh seanmhuileann á chóiriú, beidh ionad pobail agus leabharlann sa bhfoirgneamh nuair a bheas an obair réidh. Tá an fhoirgneamh suite i gceantar atá faoi chosaint mar gheall ar oidhreacht ailtireachta, rud a chruthaíonn deacrachtaí don fhoireann oibre.
S1 E3 50m
Is ina contae dúchais, Port Láirge, a bheidh Carrie sa gclár seo agus í ag tabhairt aghaidh ar an eastát Mount Congreve. Beidh Carrie ag fáil amach faoi oidhreacht Ambrose Congreve, an té a d'fhág an t-eastát faoi chúram an stáit nuair a bhásaigh sé in 2011. Feicfidh sí an plean chun an t-eastát athchóiriú agus déanfar iarracht ómós a thaispeáint do stair an eastáit agus beocht a chur san áit arís.
S1 E2 49m
Tugann Carrie aghaidh ar Bhéal an Átha Móir, Co. Liatroma áit a bhfuil seanstáisiún traenach tréigthe. Feicfidh Carrie mar a chur Comhairle Pobail Bhéal an Átha Móir plean le chéile chun an fhoirgneamh brící dearga seo a athchóiriú agus lárionad a chur ann do mhuintir an bhaile. Feicfear an togra ó thús deireadh agus mar a chur muintir na háite anam sa seanstáisiún traenach seo.
S1 E1 49m
Beidh Carrie Crowley ag féachaint ar thograí timpeall na tíre atá dírithe ar oidhreacht ailtireachta a chaomhnú don phobal. Tugann Carrie aghaidh ar Bhaile na Lorgan i gContae Mhuineacháin sa chéad chlár. Feicfear muintir an bhaile ag teacht le chéile chun teach geata Chaisleán Blayney nó Hope Castle mar thugtar anois air, a athchóiriú.