Capaillíní

FaisnéisScience/NaturalWorld/Enviromental

Is ar shléibhte agus cois farraige a mhair Capaillíní Chonamara riamh agus chuaigh na capaillíní seo in oiriúint don talamh garbh atá i gConamara. Feicfear póraitheoirí, marcaigh, ceannaitheoirí agus díoltóirí sa tsraith seo chun léargas a fháil ar an gcapaillín speisialta seo.

Béarla PG

Capaillíní

Eipeasóid 4

S1 E4 24m

Sa gceathrú clár den tsraith feicfear Mike Frank Ó Confhaola a bhfuil an-suim aige sna capaillíní. Beidh Colm Sullivan agus Colm McCauley ar an gclár freisin fágadh feirm sa Léim acu, áit ar oibrigh an capaillín mór le rá 'Cannonball'.

Capaillíní

Eipeasóid 3

S1 E3 24m

Tá Finola Nic An Iomaire agus an marcach Aoife Brennan ag seó Chapaillíní Chonamara i lár tíre. Tá rúnaí Chumann Lucht Capaillíní Chonamara Áine Uí Fhoghlua ag fáil faoi réir do sheó an Chlocháin agus tá muintir Uí Ráinne as an Trá Bháin ag réiteach a stail don chomórtas.

Capaillíní

Eipeasóid 2

S1 E2 24m

Beidh Máirtín Ó Neachtain ag Seó Chor an Dola agus déanann duine de na heagraithe, Lucille Smyth, cur síos ar an tsuim atá ag muintir na tíre sna seónna. Tá Róisín Ní Ghionnáin ag déanamh cinnte go bhfuil a stail réidh do Sheó Chloch na Rón agus tá Finola Nic An Iomaire ag traenáil a láir go mbeidh sí in ann cur isteach ar chomórtais an tsamhraidh.

Capaillíní

Eipeasóid 1

S1 E1 25m

Tá clú agus cáil ar chapaillíní Chonamara ar fud an domhain. Feicfear póraitheoirí, marcaigh, ceannaitheoirí agus díoltóirí sa tsraith seo chun léargas a fháil ar an gcapaillín speisialta seo. Tá capaillíní Chonamara ag Máirtín Ó Neachtain as Ros Muc mar a bhí ag a mhuintir roimhe agus feicfear Máirtín ag fáil faoi réir do na seónna. Déanann Peter Ó Máille cur síos ar an mbealach a dhéantar scrúdú ar chapaillíní Chonamara.