S1 E2 24m
Sraith cheoil nua ina gcuirtear beirt cheoltóirí a sheinneann seánraí éagsúla i bpáirt le chéile chun leagan nua de na hamhráin is iomráití atá acu a chumadh. Meascfar sean-nós agus hip-hop, ceol traidisiúnta agus popcheol agus beidh ar na ceoltóirí amhrán a athchruthú gan bualadh leis an gceoltóir eile go mbeidh siad ar stáitse chun an t-amhrán a sheinm beo. Is iad Larabel agus UshMush a thabharfaidh faoin dúshlán sa gclár seo.
Béarla
15 Márta 2026