Céad Seans

Faisnéis

Is féidir na cláracha faisnéise agus gearrscannáin a léirigh na scannánóirí nua Nemeton TV agus an Ard Dioplóma in I.T. Phort Láirge i Léiriú Teilifíse agus na Meáin a fháil ar Seinnteoir TG4 anois.

Béarla 16

An Fear as Baile Mhac Cairbre

Eipeasóid 6

S2022 E6 19m

Ina chlár faisnéise, 'An Fear as Baile Mhac Cairbre', díríonn an craoltóir, Nigel Kelly ar shaol dochreidte an laoich áitiúil, Michael Ryan. Tá 32 Craobh Uile Éireann buaite ag foirne éagsúla a raibh dlúthbhaint ag Michael leo ina shaol mar chóitseálaí. Deir Nigel: "tá paisean agus fuinneamh ag Michael atá deacair a shárú."

Big Griff

Eipeasóid 5

S2022 E5 19m

Ina chéad chlár faisnéise Big Griff, rachaimid ar aistear tochtmhar in éineacht leis an scannánóir Nathan Griffin, chun saol a uncail, Martin Griffin, a d'éag in 2021, a cheiliúradh. Duine de na peileadóirí ab fhearr riamh as Dún na nGall ab ea Big Griff agus bhí baint lárnach aige le bua iontach na gConallach i gCraobh Uladh sa mbliain 1983. "Spreag na scéalta a chuala mé faoi m'uncail mé agus theastaigh uaim a scéal agus a shaol a iniúchadh," arsa Nathan.

[f]Uaim

Eipeasóid 4

S2022 E4 6m

Bhuaigh an scannánóir Niamh Ní Ruadhagáin Comórtas Náisiúnaithe sna Meáin do Mhic Léinn sa chatagóir tarraingteach 'Gearrfhíseán na Bliana' dá céad gearrscannán liriciúil, (f)Uaim. Spreagtha ag a taithí féin ag bogadh go tír nua díreach sular tharla an phaindéim, ''Is scéal é faoin dóigh a ndeachaigh muid i ngleic le tost an domhain agus ualach an uaignis - ach is scéal sásta é sa deireadh!" a deir Niamh í féin.

An tAncaire

Eipeasóid 1

S2022 E1 16m

Chuaigh long darbh ainm an 'Marechal de Noailles' go tóin poill i 1912 amach ó chósta Phort Láirge. 74 bliana níos déanaí i 1986, d'fhéach uinéir tí tábhairne ón Rinn, Mick Ó hUallacháin, le hancaire na loinge a thabhairt i dtír agus é a bheith ina mhaisiúchán lasmuigh den teach tábhairne. Taispeánfaidh an clár faisnéise an méid a tharla siar i 1912 don long agus don chriú, chomh maith leis na dúshláin a bhí roimh Mick agus a chairde i 1986 agus iad ag iarraidh an t-ancaire a thabhairt i dtír.