S1 E3 49m
Cuireann Dónal O'Connor réimse leathan ceoltóirí i láthair ar nós na Henry Girls as Málainn i gContae Dhún na nGall agus an banna ceoil Stundom as an Danmhairg a mheascann ceol tíre le ceol clasaiceach. Casann Calum Stewart, an píobaire uilleann as Morayshire na hAlban, le banna ceoil cumasach agus tugann damhsa Sophie Stevenson ardú eile do na foinn. Is cumadóir amhrán as Texas é Jarrod Dickenson a bhfuil bua na scéalaíochta aige agus a chruthaíonn íomhá de Mheiriceá samhailteach lena foinn thraidisiúnta.
Béarla
24 Aibreán 2022