Ceol ón Earagail

Ceol

Sraith cheoil á cur i láthair ag Sibéal Ní Chasaide agus ag Cathal Ó Curráin ó Fhéile Ealaíon na hEaragaile i gCo. Dhún na nGall. Casfaidh Cathal agus Sibéal le scoth na gceoltóirí agus amhránaithe as Tír Chonaill agus níos faide ó bhaile.

Béarla G

Clár Speisialta: Abair Amhrán

Eipeasóid 7

S2 E7 48m

Foilsíodh 'Abair Amhrán', ceann de na leabhair amhráin is fearr aithne sa tír seo, níos mó ná 60 bliain ó shin. Is iomaí duine a d'fhoghlaim a gcéad amhráin ón leabhairín beag seo. Foilsíodh arís é le déanaí agus sa chlár seo casann Sibéal Ní Chasaide le heagarthóir an eagráin nua, Marcas Ó Murchú, chomh maith le go leor amhránaithe eile a ndeachaigh an leabhar seo i bhfeidhm orthu, ina measc Mairéad Ní Mhaonaigh, Na Casaidigh, Emma Ní Fhíoruisce, Róise agus Caitríona Ní Mhurchú agus Conor Ó Gallchóir.

Clár Speisialta: Ceiliúradh na Campbells

Eipeasóid 6

S2 E6 50m

Clár speisialta ag ceiliúradh Jimmy agus Vincent Campbell, go ndéana Dia trócaire orthu. Tugtar muintir agus cairde na laochra ceoil seo le chéile ar an gclár. Casann Cathal Ó Curráin le mac Jimmy, Peter Campbell agus buaileann cuid de sheanchairde na Campbells ar a chéile sa nGrianán, ina measc beidh Dermot McLaughlin, Martin McGinley, Aidan O'Donnell, Denise Boyle, Tara Connaghan, Anne Connaghan agus Conal Mac Ceallabhuí. Téann Ciarán Ó Maonaigh agus Caitlín Nic Gabhann siar ar bhóithrín na smaointe agus casann laoch ceoil eile, Danny Meehan, cúpla port freisin.

Ceol ón Earagail

Eipeasóid 5

S2 E5 50m

Le clabhsúr a chuir leis an sraith 'Ceol an Earagail' tá clár speisialta againn daoibh an tseachtain seo ina bhfuil scoth na gceoltóirí óga inár gcuideachta chomh maith leis banna iontach as Dún na nGall, Fidil. Tar éis a n-albam úr níos luaithe i mbliana, tá Ciarán Ó Maonaigh, Aiden O'Donnell agus Damien McGeehan in ard a réime agus iontach iad a fheiceáil ar stáitse arís. Agus tá scoth na gceoltóirí agus amhránaithe óga i gcuideachta Sibéal Ní Chasaide agus Cathal Ó Curráin, sin iad Miadhachlughain O'Donnell, Moya Sweeney, Jane Walls, Ella & Deirdre McGrory agus Conor Ó Gallachóir.

Ceol ón Earagail

Eipeasóid 4

S2 E4 49m

Is é an banna ceoil Flook a bheidh i lár stáitse an tseachtain seo ag Féile Ealaíon na hEaragaile sa Ghrianán i Leitir Ceanainn. Cuirfidh Brian Finnegan, Sarah Allen, Ed Boyd agus John Joe Kelly ceol fuinniúil nua-chumtha inár láthair atá bunaithe ar an traidisiún ceoil anseo in Éirinn agus i Sasana. Is í an fidléir Bríd Harper a bheidh ar stáitse in Amharclann Ghaoth Dobhair. Beidh Miadhachlughain O'Donnell, amhránaí agus fliúiteadóir óg as Béal Feirste, linn i dTeach Dinny sna Gleanntaí. Casfaimid freisin leis an amhránaí agus ceoltóir tionlacain Marty Barry.

Ceol ón Earagail

Eipeasóid 3

S2 E3 50m

Is í Lisa O'Neill a bheidh i lár stáitse ar Cheol ón Earagail an tseachtain seo sa Ghrianán i Leitir Ceanainn. I dTeach Dinny sna Gleanntaí, beidh na cuairteoirí rialta go Dún na nGall, Dermy agus Tara Diamond, ar an bhfidil agus ar an bhfeadóg mhór. Beidh an sár-amhránaí agus cumadóir Emma Ní Fhíoruisce linn i dTeach Hiúdaí agus casfaidh muid leis an mboscadóir óg as Co. Thír Eoghain, Moya Sweeney.

Ceol ón Earagail

Eipeasóid 2

S2 E2 50m

Tá scoth na gceoltóirí bailithe le chéile arís an tseachtain seo ag Cathal Ó Curráin agus ag Sibéal Ní Chasaide. Ar stáitse sa nGrianán i Leitir Ceanainn beidh an píobaire as Albain Bríghde Chaimbeul le Aidan O'Rourke agus Saileog Ní Cheannabháin. Sa teach ósta is aitheanta i nDún na nGall don cheol, Tigh Hiúdaí, beidh Séamus, Murrough & Ruadhraí O'Kane agus fear an tí é féin, Hugh 'Hiúdaí Beag' Ó Gallchóir. Beidh scoth an cheoil againn ón bpíobaire óg Jane Walls agus casaimid leis na deirfiúracha Méadbh, Annie & Aoife Smyth.

Ceol ón Earagail

Eipeasóid 1

S2 E1 50m

Cuirfidh Sibéal Ní Chasaide agus Cathal Ó Curráin rogha dochreidte ceoil inár láthair sa tsraith nua seo ó Fhéile Ealaíon na hEaragaile. Sa chéad chlár is iad na fathaigh cheoil Paddy Glackin, Andy Irvine, Dónal Lunny, Mike McGoldrick agus John Doyle, nó 'Usher's Island' mar a thugann siad orthu féin, a bheidh ar stáitse an Ghrianáin i Leitir Ceanainn. Ina dteannta i Dinny's sna Gleanntaí, beidh Clare agus Sheila Friel. Meallfaidh glór binn Phiarais Uí Lorcáin as Oirialla muid in Amhrclann Ghaoth Dobhair agus is iad na deirfiúracha Ella agus Deirdre McGrory ceoltóirí óga na seachtaine seo.