Eipeasóid 14
S16 E14 25m
Clár faisnéise faoi thréimhse dhá mhí a d’fhág an tír seo faoin lag agus cráite ag fuacht, sioc agus cruatan. I mí Eanáir 1947 fágadh Éire stromptha ag cioclón aisteach aimsire a d'fhág an tír ina lán-stad beagnach. Thit an teocht go -14°C agus fágadh carranna, busanna, tithe agus bailte beaga faoi bhrat tiubh sneachta. Bhí bóithre faoi bhac, gearradh leictreachas agus bhí bailte agus feirmeacha scoite ón gcuid eile den tír agus iad an-ghann ar bhia agus ar bhreosla. Seo scéal na tréimhse sin, ó bhéal daoine a tháinig tríd, ceann de na heachtraí aimsire is iontaí i stair na tíre.