Cois Móire

FaisnéisHuman Interest/Local Interest

Mar a rinne Annraoi Ó Liatháin roimhe, bainfidh Diarmuid Ó Drisceoil leas as a leabhar Cois Móire chun é a threorú trí chroílár na Mumhan. Tosóidh sé ag foinse na habhann i gContae Chiarraí agus críochnóidh sé ag an inbhear in Eochaill.

Béarla PG

An Fhoinse

Eipeasóid 1

S1 E1 50m

Leanfaidh Diarmuid Ó Drisceoil lorg Annraoi Uí Liatháin agus inseoidh sé scéal na hAbhann Móire i gCúige Mumhan dúinn. Cuirfidh sé tús lena aistear ag foinse na habhann sna sléibhte in oirthuaisceart Chiarraí faoi scáth an Dá Chích. Fiosróidh Diarmuid oidhreacht cheantar Shliabh Luachra agus rachaidh sé trí Bhaile Deasumhan, Cnoc na Graí, an Ráth Mhór agus Sráid an Mhuilinn ina chanú chun bualadh leis muintir na háite. Foghlaimeoidh sé faoi bhéaloideas agus faoi oidhreacht na n-áiteanna seo agus é ag siúl cois Móire.

Ó Mhoing go Má

Eipeasóid 2

S1 E2 50m

Leanfaidh Diarmuid Ó Drisceoil lorg Annraoi Uí Liatháin agus inseoidh sé scéal na hAbhann Móire i gCúige Mumhan dúinn. Tabharfaidh Diarmuid aghaidh ar limistéar atá faoi chaomhnú speisialta i mBántír agus foghlaimeoidh sé faoi dhiúilicíní péarla fionnuisce. Tabharfaidh sé cuairt ar uachtarlann Bhaile Lombaird ansin agus casfaidh sé le muintir O'Callaghan in Longueville House sula gcuirfidh sé cúpla geall ag Ráschúrsa Chorcaí.

Soir le Sruth

Eipeasóid 3

S1 E3 50m

Tá Diarmuid Ó Drisceoil fós ar a aistear ar shlí na hAbhann Móire i gCúige Mumhan mar a rinne Annraoi Ó Liatháin roimhe. Tá sé ag teannadh le Mainistir Fhear Maí agus rachaidh sé as sin go dtí an Baile Dubh agus go Lios Mór. Fiosraíonn Diarmuid oidhreacht na hÉireann - reiligí ceilteacha, roth muilinn, cumainn drámaíochta agus spóirt, feirmeacha, meánna, drioglanna agus caisleáin ina measc agus castar neart de mhuintir na háite air ar a bhealach.

Casadh chun na Mara

Eipeasóid 4

S1 E4 50m

Tá turas Dhiarmada Uí Dhrisceoil, atá ag leanúint lorg Annraoi Ó Liatháin ar shlí na hAbhann Móire i gCúige Mumhan, ag teacht chun deiridh. Ag lúb na habhann, áit a bhfuil cumhacht na taoide aici i gCeapach Choinn, déanann Diarmuid cur síos ar an tionchar a bhí ag na hAngla-Éireannaigh feadh an stráice seo den abhainn, ar thrácht muirí sna seanlaethanta, ar iascaireacht bradán chomh maith leis an ainm is cirte ar an abhainn agus ar an bhfile Thomas McCarthy a thugadh cuairt anseo. Críochnaíonn a thuras in Eochaill, baile daingean, in inbhear na habhann.