Cois Siúire

FaisnéisHuman Interest/Local Interest

Leanfaidh an Dr. Colm Mac Gearailt lorg Annraoi Ó Liatháin fad na Siúire, ó fhoinse na habhann ar Bhearnán Éile go ceann scríbe ag Rinn Duáin. Bainfidh sé leas as Cois Siúire, leabhar a scríobh Ó Liatháin, chun é a threorú trí chroílár na Mumhan. Cuireann Colm tús lena aistear ar Bhearnán Éile, cloiseann sé scéalta faoi dhinnseanchas na háite agus casann sé le healaíontóirí a bhaineann leas as an tSiúir mar fhoinse inspreagtha. Téann Colm trí Luachma agus Durlas Éile ina chanú sula mbuaileann sé le Liam Ó Maonlaí.

Béarla G

An Triúr Deirfiúracha le Chéile

Eipeasóid 4

S1 E4 50m

Leanann an Dr Colm Mac Gearailt ar aghaidh lena aistear cois Siúire ag leanúint lorg Annraoi Uí Liatháin. Téann sé ó Chluain Meala go Carraig na Siúire agus feiceann sé uaigh Maurice Davin ar bhruach na habhann. Tugann sé aghaidh ar Phort Láirge ansin mar a rinne na Lochlannaigh agus stopann sé i nDún Canann sula mbaineann sé ceann scríbe amach i Rinn Duáin.

I dTreo Ghleann na Meala

Eipeasóid 3

S1 E3 50m

Leanann an Dr. Colm Mac Gearailt ar aghaidh cois Siúire agus buaileann sé le hiníon Annraoí Uí Liatháin, Bláithín a insíonn dó faoi mar a thug an tSiúir spreagadh dá hathair agus é ag scríobh. Téann Colm trí Pháirc na Cathrach agus tugann sé cuairt ar an Teach Eilvéiseach agus ar an tearmann dúlra i Cill Domhnóige. Stopann sé ag an Workman's Boat Club i gCluain Meala sula dtugann sé aghaidh ar úlloird Bulmers i nGleann Eatharlaí.

Lámhach na gCora

Eipeasóid 2

S1 E2 49m

Leaneann an Dr. Colm Mac Gearailt lorg Annraoi Ó Liatháin fad na Siúire ag baint leas as Cois Siúire, leabhar a scríobh Ó Liatháin, chun é a threorú trí chroílár na Mumhan. Téann sé trí Dhurlas ina chanú agus caitheann sé seal i gcraobh-aibhneacha na Siúire áit a fheiceann sé slám ulchabháin óga sa gCabrach. Tugann sé aghaidh ar Chaiseal Mumhan áit a bhí ina shuíomh ríoga do ríthe fadó agus ar Mhainistir Átha Íseal ansin.

Bearnán Éile

Eipeasóid 1

S1 E1 49m