Corp + Anam

Drámaíocht

Sraith nua drámaíochta a thugann léargas ar Éirinn an lae inniu i ndiaidh an Tíogair Cheiltigh mar a fheictear don tuairisceoir coiriúlachta Cathal Mac Iarnáin é.

BéarlaGaeilge 16

Corp + Anam

Eipeasóid 4

S2 E4 51m

An clár deiridh sa tsraith. Seasann Mags an fód i gcoinne na n-aturnaetha cama a bhíonn ag iarraidh í a chur amach as a teach agus dá talamh. Bagraíonn na seirbhísí uchtála a páiste a bhaint uaithi mura ngéillfidh sí. Cuireann glaoch gutháin nach raibh súil aici leis faitíos ar Mhairéad. Féachann na breithiúna le Cathal a chiúnú. Caithfidh sé a shocrú an bhfuil sé leis an méid a gheall sé do Mags a dhéanamh nó é féin a thabhairt slán. Bíonn uafás ar Sarah nuair a thagann an fhírinne chun solais.

Corp + Anam

Eipeasóid 3

S2 E3 51m

Éiríonn le Mac Iarnáin an ceann is fearr a fháil ar na haturnaetha cama a bhí ag iarraidh an feirmeoir John McGuire a chur d’fheirm a mhuintire ach cuirtear é féin sa phríosún mar gheall air. Iarrann sé ar Mhairéad cúnamh a thabhairt dó ach an mbeidh fonn uirthi aghaidh a thabhairt ar na breithiúna agus a post a chur i mbaol?

Corp + Anam

Eipeasóid 2

S2 E2 51m

Bíonn Natalie Boner, cailín óg as Dún na nGall, sásta nuair a chiontaítear an Sagart Mathew King in ionsaí gnéis a dhéanamh uirthi nuair a bhí sí ag an scoil. Nuair a fhiosraíonn Mac Iarnáin an cás faigheann sé amach gur lean an t-aturnae i bhfad ródhaor ise agus íospartaigh eile. Cuireann Cathal ina luí ar an bpáipéar an scéal a chur i gcló ach ní bhíonn sé i bhfad go mbíonn an teanga caillte ag a chuid foinsí.

Corp + Anam

Eipeasóid 1

S2 E1 51m

Sraith Drámaíochta Coireachta. Ainneoin achainí na nGardaí scaoiltear John Glynn, coirpeach a mharaigh agus a d’éignigh bean óg, amach ar bannaí. Tá milleán mór ag daoine ar Chathal agus brú air dá bharr. Cuireann sé an té is gaire dó i mbaol agus é ag déanamh a dhíchill an coirpeach contúirteach seo a shárú.