CRÁ

Drámaíocht

Cuirtear tús le fiosrúchán dúnmharaithe nuair a aimsítear corp mháthair an Gharda áitiúil, Conall Ó Súilleabháin. Tá cosc iomlán ar Chonall páirt a ghlacadh sa bhfiosrúchán ach níl baol air fanacht glan ar an gcás. Socraíonn iriseoir óg, Ciara-Kate, podchraoladh faoin gcás a thosú.

BéarlaGaeilge 16

CRÁ

Eipeasóid 6

S1 E6 45m

Nuair a thagann deireadh leis an scliúchas bítear ag rá gurb é Ray atá ciontach ach ní chreideann Ciara-Kate ná Conall go raibh aon bhaint ag Ray leis an méid a tharla do Sabine. Tagann an fhírinne amach ar deireadh agus cuirtear an éagóir ina ceart.

CRÁ

Eipeasóid 5

S1 E5 45m

Tá na Gardaí go mór in amhras faoi Ray agus socraíonn sé Conall a thógáil ina ghiall. Insíonn Ray do Chonall go bhfuil na Gardaí ag iarraidh é a chrochadh ach an bhfuil sé le trust? An dtiocfaidh an bheirt acu slán?

CRÁ

Eipeasóid 4

S1 E4 45m

Bailíonn muintir na háite le chéile chun breathnú ar athchruthú na coire ar an teilifís. Tá na himscrúdaitheoirí in amhras faoi chara le Sabine agus Art, duine éigin atá ina chrann taca ag an bpobal áitiúil atá i gceist.

CRÁ

Eipeasóid 3

S1 E3 44m

Tá amhras ann go raibh baint ag Conall le dúnmharú a mháthar ach tá leid faighte aige féin faoi na cairde a bhí aige sa gcoláiste, is léir go rabhadar i láthair an oíche a maraíodh Sabine. Cuireann sé isteach go mór ar mhuintir na háite nuair a dhéantar athchruthú ar an láthair choire.

CRÁ

Eipeasóid 2

S1 E2 46m

Bíonn sochraid Sabine ann agus táthar in amhras go raibh baint ag a mac Conall nó a fear céile Art lena bás. Tá Ciara Kate cinnte go raibh Sabine ag bradaíl ar Art agus socraíonn sí an scéal a fhiosrú. Tá Conall ag iarraidh fáil amach an raibh aon bhaint ag a athair le dúnmharú a mháthar. Baintear stangadh as Conall nuair a chastar duine éigin air a bhfuil seanaithne aige orthu.

CRÁ

Eipeasóid 1

S1 E1 45m

Cuirtear an saol i mbaile beag i nDún na nGall trí chéile nuair aimsítear corp mná i bportach gar den bhaile. Cé go gcuirtear cosc ar an nGarda Conall an scéal a fhiosrú, níl baol air fanacht glan ar an gcás. Tá súil ag an iriseoir Ciara-Kate go mbainfidh sí clú agus cáil amach ag clúdach an scéil.