S3 E1 25m
Scéal na ndaoine a d'fhill ar an imirt arís i gceithre chlub CLG timpeall na tíre sa mbliain 2021. Tabharfar léargas ar na pobail, ar na carachtair, ar na teaghlaigh agus ar eachtraí na bliana. Fillfidh bainisteoir Chumann Mícheál Breathnach, Cárthach ar an mbaile den chéad uair le fada. Cuirfidh Naomh Abán tús leis an traenáil ach tá craobh 2020 le himirt acu sula dtosóidh an séasúr nua. Tá gliondar ar pháistí Chluain Dolcáin agus iad ag filleadh ar an traenáil agus tá na cluichí idirchontae ar ais agus áit lárnach ag Róisín Nic Ruairí as CLG Naomh Muire i bhfoireann Dhún na nGall.
Béarla
13 Eanáir 2022