Croí na Féile

SiamsaíochtMusic

Tugann Hugh Carr aghaidh ar Bhéal Feirste chun obair dheonach a dhéanamh ag féile ilchultúrtha Mela ina ndéantar ceiliúradh ar cheol, damhsa, agus bia ó thíortha eile atá le fáil sa gcathair. Cuirtear tús leis an bhféile le mórshiúl ildaite agus siúlann Hugh Slí na Sí áit a bhaintear geit as. Faigheann sé dual na droinne de bheith ag ithe sillí agus caitheann sé an tráthnóna ag damhsa le ceol Jiggy.

Béarla PG

Oireachtas na Samhna, Béal Feirste

Eipeasóid 6

S1 E6 24m

Is i mBéal Feirste a bheidh Hugh Carr an tseachtain seo agus é ag tabhairt aghaidh ar Oireachtas na Samhna atá á chur ar bun sa gcathair den chéad uair le 28 bliain. Beidh neart le déanamh aige agus 20,000 Gael ag triall ar an gcathair. Bíonn neart amhráin, damhsa, seanachas agus craic ag an bhféile i gcónaí. Feicfear comórtas rap ag an Oireachtas den chéad uair le Móglaí Bap agus DJ Próvaí ó Kneecap i mbun moltóireachta.

Dorn san Aer, Gaoth Dobhair

Eipeasóid 5

S1 E5 24m

Filleann Hugh Carr ar an bhfód dúchais an tseachtain seo agus téann sé go Gaoth Dobhair don fhéile Dorn san Aer a dhéanann ceiliúradh agus comóradh ar an gcraoltóir mór le rá Rónán Mac Aodha Bhuí. Déanann Hugh fear an tí ag Cath na mBannaí agus cuireann sé aithne ar cheoltóirí ó na bannaí Huartan agus Grooveline. Bíonn an-spraoi ag Hugh ag an bhféile agus casann sé féin cúpla stéibh fiú.

Féile Ealaíon na Gaillimhe

Eipeasóid 4

S1 E4 24m

Tugann Hugh Carr aghaidh ar Chathair na dTreabh d'Fhéile Ealaíon Idirnáisiúnta na Gaillimhe. Tagann suas le leath-mhilliún duine chuig an bhféile seo feadh coicíse agus beidh Hugh i measc na n-oibrithe deonacha a chuireann an fhéile ar bun. Idir taispeántais sorcais agus feithidí ollmhóra ar Shráid na Siopaí, ceol sa bpuball mór agus drámaíocht den scoth, bíonn an-chraic i nGaillimh le linn na féile seo.

Féile na Laoch, Cúil Aodha

Eipeasóid 3

S1 E3 24m

Is ag Féile na Laoch i gCúil Aodha a bheidh Hugh Carr an tseachtain seo. Déanann an fhéile seo ceiliúradh ar shaol agus ar shaothair Sheáin Uí Riada. Ní chuirtear an fhéile seo ar bun ach uair chuile seacht mbliana mar sin bíonn an-atmaisféar ann i gcónaí nuair a bhailíonn an tslua le chéile d'oíche ceoil, filíochta agus damhsa. Bíonn Hugh ag iarraidh cúnamh a thabhairt don lucht eagraithe ach is mó am a chaitheann sé ag comhrá le leithéidí Mairéad Ní Mhaonaigh, Stephen Rea, Liam Ó Maonlaí agus Diarmuid Lyng.

Cruinniú na mBád, Cinn Mhara

Eipeasóid 2

S1 E2 24m

Is ag Cruinniú na mBád i gCinn Mhara, Co. na Gaillimhe a bheidh Hugh Carr an tseachtain seo. Is féile seoltóireachta é Cruinniú na mBád a dhéanann ceiliúradh ar an gceangal idir an Cheathrú Rua agus Cinn Mhara a théann siar go ham a mbíodh bádóirí ag tabhairt luchtanna móna as Conamara go Cinn Mhara. Bíonn ceol, spraoi agus geallta bád ag an bhféile seo agus ní fios cé a chasfaí ort.

Mela, Béal Feirste

Eipeasóid 1

S1 E1 24m

Tugann Hugh Carr aghaidh ar Bhéal Feirste chun obair dheonach a dhéanamh ag féile ilchultúrtha Mela ina ndéantar ceiliúradh ar cheol, damhsa, agus bia ó thíortha eile atá le fáil sa gcathair. Cuirtear tús leis an bhféile le mórshiúl ildaite agus siúlann Hugh Slí na Sí áit a bhaintear geit as. Faigheann sé dual na droinne de bheith ag ithe sillí agus caitheann sé an tráthnóna ag damhsa le ceol Jiggy.