S1 E3 50m
Sraith úrnua shiamsaíochta do TG4 á cur i láthair ag Doireann Ní Ghlacáin ina rachfar sa tóir ar an gcór is fearr in Éirinn. Thar dheich seachtaine cloisfimid ó scoth na gcór ó fud fad na hÉireann ar stáitse an Helix, idir óg agus aosta, agus réimse leathan seánraí ceoil le cloisteáil uathu. Beidh siad ag iarraidh dul i bhfeidhm ar ár moltóirí eolacha; Moya Brennan, Colm Ó Foghlú agus Nell Ní Chróinín leis an duais mhór a bhaint amach agus a bheith ainmnithe mar bhuaiteoirí Churfá. Ar an stáitse anocht beidh The HSE Harmonies, Cór Scoil Chuimsitheach Chiaráin agus The Visionaries.
Béarla
29 Deireadh Fómhair 2023