S1 E4 50m
Sraith úrnua shiamsaíochta do TG4 á cur i láthair ag Doireann Ní Ghlacáin ina rachfar sa tóir ar an gcór is fearr in Éirinn. Thar dheich seachtaine cloisfimid ó scoth na gcór ó fud fad na hÉireann ar stáitse an Helix, idir óg agus aosta, agus réimse leathan seánraí ceoil le cloisteáil uathu. Beidh siad ag iarraidh dul i bhfeidhm ar ár moltóirí eolacha; Moya Brennan, Colm Ó Foghlú agus Nell Ní Chróinín leis an duais mhór a bhaint amach agus a bheith ainmnithe mar bhuaiteoirí Churfá. Ar an stáitse anocht beidh Bravo Belles, The Performing Arts Choir agus Cantóirí.
Béarla
05 Samhain 2023