Dúirt Bean Liom

Faisnéis

Sa tsraith nua seo buailfimid le trí bhean déag ó ghlúin éagsúla a bhfuil taithí saoil fairsing acu chun a ndearcadh a fháil ar cheisteanna móra pearsanta.

Béarla G

Ról na mBan

Eipeasóid 4

S1 E4 24m

Déanfaidh mná plé ar an athrú atá tagtha ar ról traidisiúnta na mban maidir le hobair, ionadaíocht agus sábháilteacht agus an méid atá fós le baint amach. Is iomaí tír ina n-imrítear cos ar bolg ar mhná agus ar chailíní go háirithe, agus ní haon eisceacht í Éire, mar a bhí rí-shoiléir do Chlíodhna Ní Cheallacháin ó bhí sí ina cailín óg. Déantar go leor cainte ar easpa cothromais agus ionadaíocht i gcúrsaí spóirt ach léireoidh Ciana Ní Churraoin go bhfuil áit ann dúinn uilig. Bean í Máire Úna Ní Bheaglaoich atá sásta an fód a sheasamh agus a bheith glórach faoi na rudaí a gcreideann sí iontu.

Corp na mBan

Eipeasóid 3

S1 E3 25m

Tuairimí na mban ar an timthriall míosta, toircheas, ailse bhrollaigh agus dul in aois. Cuid nádúrtha de shaol na mban is é an míostrú ach ainneoin sin tá rúndacht ag baint leis, rud a chothaíonn míthuiscint do neart cailíní agus mná, Ailbhe Nic Cába ina measc. Cabhraíonn an t-oideachas leis an eolas atá againn ar ár gcorp féin ach fós baintear geit asainn anois is arís, mar a phléann an fuirseoir Julie Nic Eoin. Insíonn Mairéad Ní Nuadháin dúinn faoin bhéim atá ar chuma álainn a bheith ar mhná agus cailíní ón gcliabhán agus gur ar an scáileán is mó a mbíonn sé sin le feiceáil.

Grá

Eipeasóid 2

S1 E2 25m

Pléifidh mná saol geandála na linne seo, sceitimíní an phósta, crá croí is uaigneas, agus na caidrimh thábhachtacha eile a chothaíonn grá agus gean. Casfaidh muid le Síomha Nic Aonghusa, bean óg atá ag treabhadh trí fharraigí fiáine shaol na geandála. Deirtear nach bhfuil aon leigheas ar an ngrá ach pósadh agus tá Étáin Ní Churraoin ag ullmhú dá lá mór lena deirfiúr agus a bean choimhdeachta Máire. Casfaidh muid leis an scríbhneoir clúiteach, Nuala Ní Dhomhnaill a thabharfaidh léargas ar an iomaí cor agus casadh a bhíonn i gceist le caidrimh agus gach lúb den bhóthar sin siúlta aici go dtí seo.

Streachailt

Eipeasóid 1

S1 E1 25m

Sa tsraith nua seo buailfimid le triúr ban déag ó ghlúnta éagsúla, a bhfuil taithí saoil fhairsing acu, chun a ndearcadh a fháil ar cheisteanna móra pearsanta. Sa chéad chlár tabharfaidh Grian Ní Dháimhín léargas ar an éagothromaíocht a bhí ina dtimpeall sa Srath Bán ó aois an-óg. Gheobhaimid éachtaint ar an athrú atá tagtha ar shaol Nadia Dobrianska agus an cogadh is mó a tharla san Eoraip le 70 bliain anuas ar bun. Casfaimid le Maura Harrington, bean atá ag troid ar son na timpeallachta agus í ag iarraidh dul i ngleic leis an athrú aeráide.