S3 E4 24m
Is breá le Dáithí éadach nua a cheannach ach ní bhíonn sé sásta leo riamh. Tógann Caoimhe an chuid is mó d'éadaí Dháithí uaidh chun cúnamh a thabhairt dó a nósanna a athrú, ní fhágann sí ach 15 ball éadaigh aige feadh coicíse agus ní bheidh cead aige tada nua a cheannach. Beidh an síceolaí an Dr. Dion Terrelonge ar an gclár chun cabhrú le Dáithí agus rachaidh Dáithí agus Caoimhe chuig rang fuála i mBaile Átha Cliath. An éireoidh le Caoimhe nósanna siopadóireachta Dháithí a fheabhsú?
Béarla
04 Nollaig 2024