Éire & Taisteal

FaisnéisHistoricalSiamsaíochtTravel

Tugtar léargas ar mar a d'fhorbair cúrsaí taistil agus cúrsaí iompair in Éirinn, ó na chéad bhóithre go canálacha, ó na chéad traenacha go carranna, agus ó loingseoireacht go haerthaisteal. Roinnfear scéalta ón stair, tabharfar ómós do na hinnealtóirí a thug faoin obair agus do na ceannródaithe a bhí á stiúradh. Scrúdófar an fonn atá go dlúth sa duine a bheith ag bogadh ó áit go háit.

Béarla G

Éire & Taisteal

Eipeasóid 5

S1 E5 44m

An tréimhse ag tús an 20ú haois a bheidh faoi chaibidil sa gclár seo, tréimhse inar facthas athruithe móra in Éirinn agus ar fud na cruinne. Bhí 1,500 carr cláraithe in Éirinn faoi 1903 agus bhí tiománaithe na tíre ag teacht chun cinn ó thaobh rásaíocht charranna. Bhí leithéidí Bentley, Rolls-Royce agus Daimler ag déanamh carranna nua a bhí níos sciobtha, agus bhí dlíthe agus rialacháin nua a chur i bhfeidhm ar na bóithre. Ní beag an tionchar a d'imir an Chéad Chogadh Domhanda ná Cogadh na Saoirse ar Éirinn ná ar chúrsaí taistil sa tír.

Éire & Taisteal

Eipeasóid 4

S1 E4 44m

Is é stair na mbóithre in Éirinn a bheidh faoi chaibidil sa gclár seo, stair a théann siar go dtí an Iarannaois. Theastaigh modhanna taistil praiticiúla do dhaoine faoin tuatha in Éirinn freisin. Leanfar an scéal ó obair Richard Lovell Edgeworth san 18ú haois, go rothair ar nós an phingin agus feoirling agus an High Nelly sa 19ú haois, go dtí Charles Bianconi a shocraigh suas an chéad chóras iompar poiblí in Éirinn, go dtí Henry Ford sa 20ú haois.

Éire & Taisteal

Eipeasóid 3

S1 E3 44m

Tugtar léargas ar mar a d'fhorbair cúrsaí taistil agus cúrsaí iompair in Éirinn, ó na chéad bhóithre go canálacha, ó na chéad traenacha go carranna, agus ó loingseoireacht go haerthaisteal. Is é an t-iarnród ó Bhaile Átha Cliath go Corcaigh a bheidh faoi chaibidil sa gclár seo. Tógadh an t-iarnród idir 1845 agus 1849 agus bhí sé ina chnámh droma ag gréasán iarnród na hÉireann. Bhí tionchar ollmhór ag an iarnród seo ar chúrsaí tionsclaíocha, spórt, turasóireachta agus ar an tír ar fad.

Éire & Taisteal

Eipeasóid 2

S1 E2 44m

Tugtar léargas sa tsraith seo faoi mar a d'fhorbair cúrsaí taistil agus cúrsaí iompair in Éirinn, ó na chéad bhóithre go canálacha, na chéad traenacha agus carranna, aerthaisteal agus loingseoireacht. Is ar an gCanáil Mhór a dhíreofar sa gclár seo. Ceanglaíonn an Chanáil Mhór an tSionainn le croí lár Bhaile Átha Cliath agus d'éascaigh an t-éacht innealtóireachta seo cúrsaí iompair in Éirinn. Bhí an chanáil ina ábhar inspioráide ag leithéidí Patrick Kavanagh agus gan í ní bheadh an oiread cáil ar an mbranda Guinness.

Éire & Taisteal

Eipeasóid 1

S1 E1 45m

Tugtar léargas sa tsraith seo faoi mar a d'fhorbair cúrsaí taistil agus cúrsaí iompair in Éirinn, ó na chéad bhóithre go canálacha, na chéad traenacha agus carranna, aerthaisteal agus loingseoireacht. Díreofar ar thaisteal farraige sa gclár seo. Feicfear mar a tháinig na Lochlannaigh i mbáid fhada agus mar thóg eisimircigh an bád bán. Caithfear súil ar chúrsaí trádála agus cumhacht ghaile freisin, chomh leis na bealaí nua atá á chur chun cinn in Éirinn chun an fharraige cháite a sheoladh go sábháilte.