Éire Fhiáin

FaisnéisScience/NaturalWorld/Enviromental

Sraith speisialta dhá chlár ar an bhfiadhúlra suntasach atá le fáil ar feadh 1,600km de chósta Atlantaigh na hÉireann. Á cur i láthair ag Eoin Warner.

BéarlaGaeilge G

An Cósta Thiar

Eipeasóid 1

S1 E1 49m

Sraith speisialta dhá chlár ar fhiadhúlra na hÉireann á cur i láthair ag Eoin Warner. Ar na Scealga ar chósta Chiarraí a chuirfear tús leis an tsraith áit a mbíonn na mílte puifíní agus cánóg dubh. Filleann na héin seo ón bhfo-Antartach ar an nead céanna ar na Scealga gach bliain chun pórú. Ag dul ó thuaidh ansin tiocfaidh Eoin ar mhíolta móra dronnacha a bheidh ag éirí in aice na mBlascaodaí, grúpa Scréachóg Reilige atá ag cur fúthu in iarsmaí caisleáin ársa agus an t-aon reiptíl dhúchasach atá againn, an t-earc luachra sa Bhoirinn.

An Cósta Thiar

Eipeasóid 2

S1 E2 49m

Tabharfaidh Eoin cuairt ar oileáin fhoscúla Chonamara sula dtabharfaidh sé aghaidh ar Mhaigh Eo áit a dtiocfaidh sé ar ealaí ghlóracha atá tagtha ansin don fhómhar. Faoi thoinn, tagann sé ar liamhán gréine. I gCo. Dhún na nGall tá líon na n-ioraí rua ag méadú. Rachaidh sé as sin go Gleann Bheatha áit a bhfuil an t-iolar fíréin. I gCionn Mhálanna a thagann deireadh le haistear Eoin.