S1 E3 51m
Is beag a bhíonn ag tarlú i saol triúr fear go dtéann siad ag fiosrú na staire. Níl de spórt acu ach a bheith ag déanamh athchruthú ar Éirí Amach 1916. Bíonn na fir ag fáil faoi réir do chleachtadh feistis nuair a thugann bosca mistéireach siar san am a caitheadh iad go dtí 1916, díreach roimh an Éirí Amach. Ní túisce ann iad nuair a dhéanann siad dearmad mór a chuireann athrú ar gach ní. Agus fios acu go bhfuil an tÉirí Amach millte acu sula bhfuil sé tosaithe, caithfidh siad teacht ar phlean chun cúrsa na staire a choinneáil.
Béarla
25 Aibreán 2016