Eochair an Ghrá

SiamsaíochtReality/ChallengeTalent Show/Variety Show

Seó cúirtéireachta á chur i láthair ag Eibhlín Ní Chonghaile. Rachaidh bean nó fear ag guairdeall agus ag bhfáinneáil i dtrí theach éagsúla féachaint le léargas a fháil ar an té a bhfuil cónaí orthu sna tithe sin.

Béarla PG

Eochair an Ghrá

Eipeasóid 1

S1 E1 24m

Seó cúirtéireachta atá á chur i láthair ag Eibhlín Ní Chonghaile. Gach seachtain caithfidh fear nó bean shingil cinneadh a dhéanamh cé leis a rachaidh siad ar dháta gan casadh leis an duine i dtosach. Tabharfar eochair tí dóibh, beidh cead acu breathnú thart agus inseoidh siceolaí dóibh faoin sórt duine atá ina gcónaí sna tithe. An tseachtain seo cuirfimid aithne ar Mharcus Seoighe, bainisteoir tábhairne agus mainicín.

Eochair an Ghrá

Eipeasóid 2

S1 E2 24m

Seó cuirtéireachta á chur i láthair ag Eibhlín Ní Chonghaile. Le cabhair ó Eibhlín agus ón siceolaí Kevin Ó hEaghra roghnóidh Cillian McGovern an teach is fearr leis as trí theach. Ach cé leis an teach is cé leis a rachaidh sé chun dinnéir?

Eochair an Ghrá

Eipeasóid 3

S1 E3 24m

Seó cúirtéireachta a bheidh á chur i láthair ag Eibhlín Ní Chonghaile. Gach seachtain caithfidh fear nó bean singil socrú cé leis a rachaidh siad ar dháta gan casadh leis an duine roimh ré. Tabharfar trí eochair tí dó/di agus beidh cead acu breathnú thart sna tithe. Roghnóidh sé/sí an teach is fearr leo agus rachaidh sé/sí amach ag cúirtéireacht le húinéir an tí sin!

Eochair an Ghrá

Eipeasóid 4

S1 E4 24m

An tseachtain seo beidh Eibhlín Ní Chonghaile agus Kevin Ó hEaghra ar thóir tí álainn agus mná áille do Chormac Mac Ateer.

Eochair an Ghrá

Eipeasóid 5

S1 E5 25m

Ar Bhéal Feirste a thabharfaidh Eibhlín Ní Chonghaile agus Kevin Ó hEaghra aghaidh an tseachtain seo agus iad sa tóir ar ghrá geal Bhronagh Nic an Lia.

Eochair an Ghrá

Eipeasóid 6

S1 E6 25m

Tabharfaidh Eibhlín Ní Chonghaile agus Kevin Ó hEaghra aghaidh ar Ghaillimh is iad sa tóir ar bhean do Paul Ó Ceannabháin.

Eochair an Ghrá

Eipeasóid 7

S1 E7 25m

Is ar Mhaigh Eo a thabharfaidh Eibhlín Ní Chonghaile agus Kevin Ó hEaghra a n-aghaidh an tseachtain seo is iad sa tóir ar fhear do Laura Ní Eanachain.

Eochair an Ghrá

Eipeasóid 8

S1 E8 24m

An tseachtain seo tabharfaidh Eibhlín Ní Chonghaile agus Kevin Ó hEaghra aghaidh ar Chontae na Mí ar thóir fir do Shíne Nic an Ailí.