Feirmeoirí

Faisnéis

Sraith clár faoi fheirmeoirí beaga an lae inniu in Éirinn agus mar atá siad ag dul i ngleic le deacrachtaí na linne.

Béarla G

Feirmeoirí

Eipeasóid 1

S1 E1 25m

Sraith clár faoi fheirmeoirí beaga an lae inniu in Éirinn agus mar atá siad ag dul i ngleic le deacrachtaí na linne. Sa chéad chlár feicfimid Joe Joyce, feirmeoir caorach as Dúiche Sheoigheach, ag baint an leasa chéanna as an talamh is a bhain a mhuintir roimhe.

Feirmeoirí

Eipeasóid 2

S1 E2 25m

Sraith clár faoi fheirmeoirí beaga an lae inniu in Éirinn agus mar atá siad ag dul i ngleic le deacrachtaí na linne. Tagann grúpa turasóirí gan choinne chuig taispeántas madraí caorach Joe Joyce ar bhruach Loch na Fuaiche i nDúiche Sheoigheach. Baineann an feirmeoir déiríochta, Pádraig Ó Scanaill na hadharca de roinnt laonna, jab nach bhfuil sé ag súil leis an chéad rud ar maidin agus i mBaile Bhuirne, tagann an tréidlia ag breathnú ar reithe Noel Lynch.

Feirmeoirí

Eipeasóid 3

S1 E3 25m

Sraith clár faoi fheirmeoirí beaga an lae inniu in Éirinn agus mar atá siad ag dul i ngleic le deacrachtaí na linne. Bailíonn Joe Joyce a chuid caorach do bhearradh na gcaorach, ócáid bhliantúil ina gcabhraíonn feirmeoirí an cheantair lena chéile agus cuireann sé fáilte roimh na coileáin nua a bheidh sé a thraenáil le bheith ina madraí caorach amach anseo. Buaileann muid leis an bhfeirmeoir muc Pat Ó Flatharta a thugann aghaidh ar chruinniú le Coimisinéir Talmhaíochta an Aontais Eorpaigh agus glacann Noel Lynch lá saor le dul chuig taispeántas talmhaíochta Bhaile Bhuirne.

Feirmeoirí

Eipeasóid 4

S1 E4 25m

Sraith clár faoi fheirmeoirí beaga an lae inniu in Éirinn agus mar atá siad ag dul i ngleic le deacrachtaí na linne. Tugann Joe Joyce a chuid caorach chuig Seó Caorach an Líonáin agus faigheann sé duais. Bíonn faitíos ar Noel Lynch go bhfuil fadhb lena chuid beithíoch agus seolann Pat Ó Flatharta scata muc chuig an monarcha feola le díol ar an margadh idirnáisiúnta.

Feirmeoirí

Eipeasóid 5

S1 E5 25m

Sraith clár faoi fheirmeoirí beaga an lae inniu in Éirinn agus mar atá siad ag dul i ngleic le deacrachtaí ár linne. Tá Joe Joyce ag réiteach na gcoileán 'Nipper' agus 'Ted' le dul chuig a gcuid bailte nua thar lear. Tá Nipper ag dul chomh fada ó bhaile le Ceanada. Téann Joe chuig trialacha madraí caorach i mBun Cruaiche le 'Roy', a chomrádaí dílis. Téann Noel chuig an gComórtas Náisiúnta Treabhadóireachta ar thóir tairbh nua agus buaileann muid leis an bhfeirmeoir caorach Máirtín Ó Dochartaigh as Ceathrú Thaidhg agus an feirmeoir beithíoch Éamonn Tighe as Baile an Daingin.

Feirmeoirí

Eipeasóid 6

S1 E6 25m

Sraith clár faoi fheirmeoirí beaga an lae inniu in Éirinn agus mar atá siad ag dul i ngleic le deacrachtaí ár linne. Tagann Teagasc ar cuairt chuig Noel Lynch. Tá deireadh an tséasúir tagtha agus tugann sé a chuid beithíoch go dtí an Margadh i Maigh Chromtha. Inseoidh Pádraig Ó Scanaill dúinn faoin bhfáth go bhfuil a phictiúr ar chartáin bainne i mBaile Átha Cliath. Fágann Joe Joyce slán leis na coileáin ‘Nipper’ agus ‘Ted’ sula dtugtar thar lear iad.