Finné

Faisnéis

Spreagtha ag cláracha faisnéise de chuid Netflix le blianta beaga anuas, is sraith úrnua faisnéise é Finné a nochtaíonn na scéalta daonna taobh thiar de scéalta móra Éireannacha le leathchéad bliain anuas.

Béarla 18

Lisa Lawlor

Eipeasóid 1

S4 E1 49m

Scéal Lisa Lawlor nach raibh ach seacht mí dhéag nuair a fágadh ina dílleachta í tar éis dá máthair agus dá hathair bás a fháil i dtragóid an Stardust sa mbliain 1981 in Ard Aidhin, Baile Átha Cliath. Ba í Lisa siombail na tragóide ar feadh a saoil agus na daoine mórthimpeall uirthi ag streachailt leis an méid a tharla. Ní raibh aitheantas dá cuid féin riamh ag Lisa seachas an 'Stardust Baby'.

Don Baker

Eipeasóid 2

S4 E2 50m

Scéal an cheoltóra agus aisteora aitheanta Don Baker. Ní raibh an saol éasca ag Don Baker agus é ag fás aníos i dtionóntáin Bhaile Átha Cliath sna 1950idí. Cuireadh chuig scoil saothair Daingean i gCo. Uíbh Fhailí é nuair a rugadh air ag goid. Rinneadh mí-úsáid air ansin agus caitheadh go dona leis i gcaitheamh an ama. Bhí fadhb drugaí aige ar feadh na mblianta in ainneoin go raibh cáil mhór air ina cheoltóir agus aisteoir, ach anois agus an-chuid oibre déanta aige, tá suaimhneas intinne aige faoi dheireadh.

Úna Ní Bhroin

Eipeasóid 3

S4 E3 49m

Scéal an éicealaoich Úna Ní Bhroin. Sa bhliain 1997, fuair Úna amach go raibh sé i gceist ag Comhairle Chontae Chill Mhantáin an bóthar trí Ghleann Dá Ghrua a leathnú, agus bheartaigh sí dul chun cónaithe sna crainn chun an fhorbairt a stopadh. Bhí sí i measc 12 agóidí, ar tugadh éicalaochra orthu, a gabhadh agus cuireadh sa phríosún faoi threaspás a dhéanamh sa bhliain 2000. Cúig bliana fiche ina dhiaidh, cuimhníonn Úna siar ar an bhfeachtas agus ar cibé ar éirigh leis an bhfeachtas nó nár éirigh le feasacht a ardú faoi chúrsaí timpeallachta in Éirinn.

Seán Binder

Eipeasóid 4

S4 E4 50m

In 2018 gabhadh an Ciarraíoch Seán Binder fad is a bhí sé ag obair ina tharrthálaí deonach le linn ghéarchéim na n-imirceach. Déanfaidh Seán cur síos ar an obair dheonach a bhí ar bun aige ar oileán Lesbos agus ar na trí mhí a chaith sé i bpríosún sa Ghréig ag iarraidh a ainm a ghlanadh. Tá sé fós ag fanacht ar dháta don triail maidir leis na cúiseanna atá curtha ina leith. Ina measc sciúradh airgid, spiaireacht agus smuigleáil daoine, cúiseanna atá fós ag bagairt air.

Rachel Moran

Eipeasóid 5

S4 E5 48m

Bhí cúrsaí go dona sa mbaile ag Rachel Moran agus í ag fás aníos i dTuaisceart lár Chathair Bhaile Átha Cliath. Faoin am a raibh sí 15 bhí sí ina cónaí agus ag obair ina striapach ar na sráideanna, áit a mbeadh sí go ceann seacht mbliana eile ina dhiaidh sin. Nuair a bhí sí 22 d'éirigh léi éalú agus filleadh ar an oideachas agus is scríbhneoir agus gníomhaí anois í.

Roy Galvin

Eipeasóid 6

S4 E6 50m

Ní raibh súil ar bith ag Roy Galvin agus é ag fás aníos i gCathair Luimnigh gurb é a bheadh ina chéad rinceoir bailé fir in Éirinn. Thug Roy a shaol don cheol agus don damhsa, bhí sé ina rinceoir proifisiúnta bailé leis an Irish Ballet Company agus le Dublin City Ballet agus bhunaigh sé a chomhlacht féin Pas de Deux Dance Company. Bhí baint mhór ag Roy le cearta daoine aeracha a bhaint amach in Éirinn agus bhunaigh sé an cumann G.A.A. - Gaeilgeoirí Aeracha Aontaithe.