S1 E3 51m
Tá Fleadh Cheoil na hÉireann ar ais! I ndiaidh dhá bhliain, tá an fhéile Ghaelach is mó ar domhan ar ais san áit ar thosaigh sí i 1951, sa Mhuileann gCearr, Contae na hIarmhí. Mairfidh an fhéile 8 lá agus beidh sráideanna an Mhuilinn Chearr dubh le ceoltóirí, damhsóirí agus leo siúd a bheidh san iomaíocht ag Fleadh Cheoil na hÉireann. Sna ceithre seachtainí amach romhainn rachaidh Dáithí Ó Sé agus Doireann Ní Ghlacáin ar thuras trí na ceithre chúige ag breathnú ar na babhtaí ceannais i Sligeach, Laois, Luimneach agus Tír Eoghain. Sa Caisleán Nua a bheidh siad anocht ag Fleadh na Mumhan.
Béarla
24 Iúil 2022