Eipeasóid 1
S1 E1 51m
Tá Fleadh Cheoil na hÉireann ar ais! Don dara bliain as a chéile tá an fhéile is mó ó thaobh ceoil, amhráin agus damhsa traidisiúnta sa Mhuileann gCearr, an áit ar thosaigh sí in 1951. Beidh na sráideanna dubh le daoine a bhfuil dúil acu sa gceol chomh maith leo siúd a bheidh in iomaíocht ag an bhFleadh. Caithfear teacht trí chraobh an chúige chun áit a bhaint amach i gcraobh na hÉireann. Rachaidh Doireann Ní Ghlacáin agus Peadar Ó Goill ar thuras chuig craobhacha na gcúigí i mBéal an Átha, Baile Átha Cliath, Trá Lí agus an Droim Mór chun casadh le scoth na gceoltóirí agus damhsóirí.