Gairm sna Meáin Ghaeilge

Faisnéis

Déanfar ceiliúradh sa tsraith seo ar dhaoine i dtionscal meán cumarsáide na hÉireann a thosaigh amach i TG4 nó in eagraíocht meán cumarsáide Gaeilge eile agus a bhfuil ainm déanta anois acu dóibh féin ar an ardán idirnáisiúnta nó i measc a bpiaraí.

Béarla G

Máistir-Rang: Rachael Moriarty

Eipeasóid 11

S1 E11 1h 1m

Is stiúrthóir agus scríbhneoir í Rachael Moriarty. Oibríonn sí ar fud go leor seánraí teilifíse - cláracha fíorasacha agus formáidí, cláracha do leanaí, cláracha ealaíon agus siamsaíochta - do chraoltóirí éagsúla ar nós TG4, RTÉ, VM, BBC. I measc na saothar is déanaí tá cláracha údair amhail Síle Seoige: Deireadh Tochta agus Evelyn O'Rourke: Ailse & Ise. Tá gearrscannáin agus dhá fhadscannán comhscríofa/stiúrtha ag Rachael - Traders le Killian Scott agus Róise & Frank le Bríd Ní Neachtain. Tá an iliomad gradam buaite ag an dá scannán ag féilte idirnáisiúnta.

Máistir-Rang: Darach Mac Con Iomaire

Eipeasóid 10

S1 E10 1h 6m

Cuireann Darach Mac Con Iomaire, scríbhneoir, léiritheoir agus stiúrthóir a bhfuil gradam IFTA buaite aige, Máistir-Rang i láthair i dteannta leis an láithreoir Aodh Ó Coileáin i mol gteic i nGaoth Dobhair i gcroílár cheantar Gaeltachta Dhún na nGall. Briseann stíl idirghníomhach Dharach ar cheird na scéalaíochta agus é ag tabhairt ugach don dream atá i láthair a gcuid carachtair, snáithe scéil agus radhairc féin a chruthú. Roinneann Darach chomh maith a aistear pearsanta féin.

Sinéad Clancy

Eipeasóid 7

S1 E7 3m

Chuir Sinéad tús lena gairm ag oibriú ina dearthóir léiriúcháin ar ghnéchláracha i Stiúideonna Éireannacha Roger Corman, Concorde Anois agus le TnaG ar an sobalchlár suaitheanta atá acu, Ros na Rún. Bhog Sinéad go Los Angeles sa bhliain 2000 agus d'athraigh sí a gairm go maisiú seit. Is san áit sin a d'oibrigh sí ar dhrámaí grinn suímh ar nós Reba agus The War at Home. Mhaisigh sí cláracha mór le rá ar nós Mistresses, Lethal Weapon agus an clár thuasluaite 9-1-1.

Sorcha Nic Giolla Mhuire

Eipeasóid 6

S1 E6 2m

Oibríonn Sorcha Nic Giolla Mhuire ina heagarthóir le Yellow Moon Post Productions...Rinne sí eagarthóireacht ar chláracha agus scannáin éagsúla le blianta anuas lena n-áirítear Doineann ina raibh an phríomhpháirt ag Peter Coonan. Inniu tá sí ag caint faoin ionchur cruthaitheachta atá aici mar eagarthóir; an tábhacht a bhaineann le hoibriú mar fhoireann agus an chaoi ar thug sí faoi ghairm bheatha chruthaitheachta sna meáin chumarsáide Ghaeilge a bhuíochas dá grá don teanga.

Róisín Ní Mhaoláin & Rút Ní Theimhneáin

Eipeasóid 5

S1 E5 3m

An bhfuil gairm bheatha sna meáin shóisialta Ghaeilge uait? Tugann an saor-chruthaitheoir ábhair Róisín Ní Mhaoláin agus comhordaitheoir meán sóisialta do TG4 Rút Ní Theimhneáin léargas dúinn ar na sceidil laethúla atá acu de réir mar a dhéanann siad ceangal le lucht féachana ar líne ar fud an domhain. Nochtann siad na tuairimí a bhíonn ag criticeoirí meán sóisialta a thugann neamhaird don tábhacht a bhaineann leis na meáin shóisialta agus pléann siad an tábhacht a bhaineann le taighde maith, pleanáil agus feasacht branda ó thaobh ceangal a dhéanamh leis an bpobal atá acu ar líne.

Cian Mac Cárthaigh & Rachel Nic An Ultaigh

Eipeasóid 4

S1 E4 3m

Pléann Cian Mac Carthaigh & Rachel Nic An Ultaigh na deiseanna agus na dúshláin a bhíonn ann sa léiriú suimiúil agus bríomhar ar chláracha teilifíse do leanaí. Pléifidh Cian san eipeasóid seo an cur chuige atá aige i leith smaointe nua a dhéanamh don scáileán agus pléifidh Rachel an próiseas léiriúcháin ón smaoineamh go dtí an scáileán...

Rachael Moriarty

Eipeasóid 3

S1 E3 3m

Rachael Moriarty (Scríbhneoir, stiúrthóir & déantóir scannán) Is stiúrthóir agus scríbhneoir í Rachael Moriarty. Oibríonn sí ar fud go leor seánraí teilifíse - cláracha fíorasacha agus formáidí, cláracha do leanaí, cláracha ealaíon agus siamsaíochta - do chraoltóirí éagsúla ar nós TG4, RTÉ, VM, BBC. I measc na saothar is déanaí tá cláracha údair amhail Síle Seoige: Deireadh Tochta agus Evelyn O'Rourke: Ailse & Ise. Tá gearrscannáin agus dhá fhadscannán comhscríofa/stiúrtha ag Rachael - Traders le Killian Scott agus Róise & Frank le Bríd Ní Neachtain.

Darach Mac Con Iomaire

Eipeasóid 2

S1 E2 3m

Tá réimse leathan de shaothair a bhfuil duaiseanna buaite acu scríofa, léirithe agus stiúrtha ag Darach don stáitse, don scáileán agus don raidió tríd na blianta, lena n-áirítear 'Corp & Anam' ar bhuaigh sé gradam IFTA dó. Pléann sé a chonair ghairme go dtí seo san eipeasóid seo de réir mar a dhéanann sé iarracht scríbhneoirí nua atá ag teacht chun cinn a spreagadh chun luí isteach ar an obair agus triail a bhaint as...