S22 E1 52m
Cuirfear tús le Glór Tíre 2026 anocht! Is é Jimmy Buckley a bheidh ag gabháil fhoinn ar dtús agus cuirfidh sé a iomaitheoirí Darcy Walsh agus Jordan McPolin in aithne den chéad uair. Tá na moltóirí Jó agus Caitríona ar ais agus beidh Eddie Rowley ina dteannta mar aoi-mholtóir. Nuair a bheidh a gcuid casta ag na hiomaitheoirí anocht roghnóidh na moltóirí an té a bheidh ag dul ar aghaidh chuig an mbabhta leathcheannais agus beidh an duine eile ag brath ar vótaí ón bpobal. Á chur i láthair ag Aoife Ní Thuairisg.
Béarla
27 Eanáir 2026