Eipeasóid 1
S1 E1 50m
Tugtar "páistí an tSosa Cogaidh" orthu siúd a rugadh i dTuaisceart na hÉireann idir an sos cogaidh in 1994 agus Comhaontú Aoine an Chéasta in 1998. Beidh cúigear den ghlúin sin le feiceáil ar an gclár seo agus iad ag caitheamh súil siar ar an saol a bhí acu agus súil chun cinn ar an méid atá rompu. Déanfaidh gach aon duine acu machnamh ar an saol i ndiaidh na dTrioblóidí ag féachaint ar an tionchar a d'imir an taithí sin orthu mar dhaoine agus ar an saol atá acu.