Hector Ó na Philippines go dtí na Solomons

Siamsaíocht

Tabharfaidh Hector faoi sheacht gcinn d'aistir go dtí na Filipíní, an Mhalaeisia, Singeapór, Iáva agus Bailí san Indinéis, Nua-Ghuine Phapua agus Oileáin Sholaimh agus déanfaidh sé ar ndóigh iad ar a bhealach ar leith féin.

Béarla 16

Solomon Islands

Eipeasóid 7

S15 E7 49m

Tar éis seachtainí a chaitheamh ag taisteal thrí Oirdheisceart na hÁise agus oileáin an Aigéin Chiúin, bainfidh Hector a cheann scríbe amach ar Oileáin Sholaimh. Sa phríomhchathair Honiara, buailfidh sé le seanóirí ar na sráideanna agus rachaidh sé chuig searmanas ollmhór. Imreoidh sé futsal le Elliot Ragomo, an t-imreoir is mó a bhfuil gradam faighte aige in Oceania. Caithfidh sé am ar Tulagi agus Ngella, na hoileáin is faide amach. Ó bheith ag damhsa le treibheanna go dtí a atall féin a fháil, tine a lasadh agus iasc a chócaráil, cuirfidh sé clabhsúr iontach lena thuras.

Papua New Guinea

Eipeasóid 6

S15 E6 50m

Sroichfidh Hector Port Moresby an tseachtain seo, príomhchathair Nua-Ghuine Phapua nó PNG mar a thugtar air san áit. Déanfaidh sé a bhealach go mall chomh fada leis na sráideanna aitheanta ina bhfuil na buíonta 'raskol,' atá i gceannas ar achar fairsing sa gcathair. Feicfidh sé na margaí cnó beitil agus na geallghlacadóirí áitiúla agus imreoidh sé cruicéad leis na gasúir i mbaile Hanuabada. Buailfidh sé le Leifteanantchoirnéal Nancy Wii, an chéad bhean a bhí ina hoifigeach i gceannas i bhfórsaí cosanta na tíre sula rachaidh sé chuig Fisherman's Island.

Bali / Indonesia

Eipeasóid 5

S15 E5 49m

Beidh Hector ar oileán Bailí an tseachtain seo áit a bhfuil sraitheanna ríse, scrínte agus teampaill. Casfaidh sé le feirmeoirí ríse agus le hiomrascálaithe láibe agus foghlaimeoidh sé faoin gcaidreamh spéisiúil atá acu leis an talamh agus leis an uisce. Babhtálfaidh sé plaisteach ar rís leis na daoine áitiúla agus feicfidh sé an chomhairle cathrach áitiúil i mbun bóthar nua a thógáil sula rachaidh sé go Ubud. Anseo gheobhaidh sé taithí ar dheasghnátha uisce agus ar dhomhan an ióga sula n-imíonn sé as Bailí.

Java / Indonesia

Eipeasóid 4

S15 E4 49m

An tseachtain seo tabharfaidh Hector cuairt ar Iacárta, an chathair is sciobtha atá ag suncáil ar domhan, ar a bhealach trí Iáva. Buailfidh sé le scéalaí cócaireachta, breathnóidh sé ar éisc thrópaiceacha agus imreoidh sé cluiche snúcair in aghaidh duine de na himreoirí mná is fearr sa tír. Casfaidh sé le lucht leanta an chlub peile Persija Jakarta, Jak Maenia, agus rachaidh sé chuig bainis ríoga trí thimpiste!

Singapore

Eipeasóid 3

S15 E3 49m

Beidh Hector i Singeapór an tseachtain seo. Gheobhaidh sé léargas ar dheacrachtaí na n-oibrithe imirceacha agus ar an gcostas ollmhór atá ar eastát réadach i Singeapór. Foghlaimeoidh sé mar a réitíonn na daoine áitiúla i gcomhair an chéad saol eile, tabharfaidh sé cuairt ar an siopa miotail throm amháin sa gcathair agus feicfidh sé réaltaí leadóg bhoird a bheidh ag imirt ar son na tíre amach anseo. Sula n-imeoidh Hector, bainfidh sé triail as bia ón stainnín bia amháin ar domhan a bhfuil réalta Michelin aige.

Malaysia

Eipeasóid 2

S15 E2 49m

Tabharfaidh Hector aghaidh ar Kuala Lumpur i Malaeisia, nó KL mar a thugann an pobal áitiúil air. Buailfidh sé le Fritilldea, an ealaíontóir graifítí is cáiliúla sa tír, agus leis an gcathaoirleach mná den chlub peile áitiúil, Ombak FC. Beidh sé ag labhairt faoi rís sna goirt ríse, ag faire ar éin agus ag bualadh le daoine atá ina gcónaí go domhain san fhoraois. Rachaidh Hector ar thuras báid trí Chaolas Malacca agus casfaidh sé leis an teaghlach a tháinig slán ón súnámaí a tharla Lá Fhéile Stiofáin, an 26 Nollaig 2004.

Phillipines

Eipeasóid 1

S15 E1 49m

Cuirfidh Hector tús lena thuras i Mainile, príomhchathair na nOileán Filipíneach. Rachaidh sé ar thuras timpeall na cathrach i "jeepney" agus feicfidh sé bainiseacha móra galánta. Caithfidh sé roinnt ama in éineacht le teagascóirí cairríní láimhe agus déanfaidh sé bosca balikbayan le seoladh chuig bean as an gceantar seo atá ina cónaí i mBaile Átha Cliath. Casfaidh Hector le Charly Suarez a thaispeánfaidh dornálaíocht Fhilipíneach agus troid choileach dó.