Hector OZ/NZ

Siamsaíocht

Ní bhíonn fuacht ná faitíos ar Hector Ó hEochagáin agus é ag taisteal! Tugann sé aghaidh ar an Astráil agus an Nua-Shéalainn sa tsraith seo agus mar is gnáth fanann sé glan ar na ceantair turasóireachta chun fíorléargas a thabhairt ar na tíortha.

Béarla 16

Hector OZ/NZ

Eipeasóid 7

S17 E7 48m

Trasnaíonn Hector Caolas Cook as Wellington go dtí an tOileán Theas agus tagann sé i dtír gar do cheantar Sauvignon Blanc na Nua-Shéalainne. Tugann sé a aghaidh ó dheas agus feiceann sé cíobhaíonna sula gcastar duine de mhuintir an chósta thiar air. Téann Hector ag iascaireacht in Christchurch ansin agus buaileann sé le healaíontóir tatúnna sula dtéann sé i héileacaptar chun an chathair fheiceáil ón aer.

Hector OZ/NZ

Eipeasóid 6

S17 E6 48m

Cuireann Hector tús lena thuras mórthimpeall na Nua-Shéalainne in Auckland, áit a gcasann sé leis an aisteoir Oscar Kightley agus an trodaí MMA Jany Harding. Buaileann le grianghrafadóir a dhíríonn ar scéalta na Maorach, tugann sé cuairt ar fheirm cíobhaíonna agus pléann sé tatúnna le gníomhaí as an áit, Tame Iti. Castar foireann F20 Moana Pasifika air in Taupo sula dtugann sé aghaidh ar New Plymouth áit a gcuirtear fáilte na Maorach roimhe i dteannta an chócaire Joe McLeod.

Hector OZ/NZ

Eipeasóid 5

S17 E5 49m

Tugann Hector aghaidh ar Brisbane áit a gcastar an scafallóir Joe as Loch Garman air chomh maith leis an marcach Robbie Dolan a bhíonn fós ar mhuin na muice i ndiaidh an Melbourne Cup a bhuachan. Téann Hector go Sydney ansin agus feiceann sé mar choinníonn an Seabin Project an cuan glan. Casann sé amhrán le slám buscálaithe agus téann sé le greim a fháil le hithe i mbialann Úcránach sula bhfágann sé slán ag an Astráil.

Hector OZ/NZ

Eipeasóid 4

S17 E4 49m

Tugann Hector aghaidh ar Cloncurry áit a bheidh sé ag buachailleacht beithígh Wagyu sula dtéann sé go Mt Isa go bhfeicfidh sé baile mianadóireachta. Casfar foireann AFL air in Townsville agus téann sé go Magnetic Island áit a bhfeicfidh sé tearmann do chóálaí. Buaileann Hector le laoch de chuid rugbaí na hAstráile Stephen Moore sula bhfágann sé an Sunshine State.

Hector OZ/NZ

Eipeasóid 3

S17 E3 49m

Tugann Hector aghaidh ar Iarthar na hAstráile agus castar Sharon mór le rá air in Perth. Faigheann sé amach go dtagann an t-uafás oibrithe as Éirinn go hIarthar na hAstráile agus labhraíonn sé le dochtúir eitilte. Imíonn Hector as Perth ansin agus buaileann sé le tiománaí leoraí ban sula dtéann sé ag réaltóireacht. Ar deireadh labhraíonn sé le fear a bhíonn ag plé le tionscal na bpéarlaí in Broome.

Hector OZ/NZ

Eipeasóid 2

S17 E2 48m

Tugann Hector aghaidh ar Coober Pedy baile atá faoi thalamh. Castar mianadóir ópail air agus déanann siad cur síos ar an saol atá acu. Castar Protein Pete ansin air agus feiceann sé an stáisiún cumhachta agus óstán faoi thalamh. Téann sé go croílár Alice Springs ansin áit a chastar grúpa pobail air agus múineann sé cúpla focal Gaeilge dóibh siúd ag an School of the Air.

Hector OZ/NZ

Eipeasóid 1

S17 E1 48m

Tugann Hector aghaidh ar Melbourne agus cuirtear fáilte is fiche roimhe, cuireann búistéir comhairle air faoi chócaráil ar bheárbaiciú agus cuireann sé aithne ar thiománaí tram atá breá suáilceach. Téann Hector ar thuras le réalta AFL as Éirinn, Áine McDonagh agus Aileen Gilroy agus faigheann siad blaiseadh de chúrsaí coiméide agus spórt sa gcathair. Téann sé ag gabháil nathracha taobh amuigh den chathair sula dtugann sé a aghaidh ó thuaidh chun dul ar bhád rotha in Abhainn Murray. Chun deireadh a chur lena thuras mórthimpeall Victoria téann Hector go feirm chaorach agus feiceann sé róidió.