I mBarr do Shláinte

SaolchlárHealth/Fitness

Sraith ina labhróidh an Dr. Sinéad O’Beirn le saineolaithe agus le hothair faoi shaincheisteanna éagsúla sláinte.

BéarlaGaeilge PG

I mBarr do Shláinte

Eipeasóid 1

S3 E1 25m

Sraith sláinte á chur i láthair ag an Dr. Sinéad O’Beirn. I mbun cainte le Sinéad beidh an tIar-Aire Rialtais Tony Killeen a bhfuil ailse phutóige air. Labhróidh Catherine Ní Ghuairim leis an gComhairleach John Nee faoin tinneas freisin.

I mBarr do Shláinte

Eipeasóid 2

S3 E2 25m

Sraith sláinte á cur i láthair ag an Dr. Sinéad O’Beirn. I mbun cainte le Sinéad beidh Eibhlín Ní Chlochartaigh. Labhróidh sí faoi réamheaclaimsia, tinneas a d'fhéadfadh a theacht ar mhná a bhíonn ag iompar clainne má bhíonn brú ard fola ag dul dóibh. Inseoidh Eibhlín a scéal féin agus an toradh tubaisteach a bhí air. Casfaidh Catherine Ní Ghuairim le saineolaithe na tíre agus pléifidh siad an tinneas.

I mBarr do Shláinte

Eipeasóid 3

S3 E3 23m

Sraith sláinte á chur i láthair ag an Dr. Sinéad O’Beirn. I mbun cainte le Sinéad beidh Féilim Mac Donncha. Labhróidh sé faoi Haemacrómatóis, tinneas géiniteach a d'fhéadfadh a theacht ort má bhíonn an iomarca iarainn i do chuid fola. Tá an tinneas seo an-fhairsing i measc mhuintir na hÉireann agus na gCeilteach. Inseoidh Féilim a scéal féin. Casfaidh Catherine Ní Ghuairim le saineolaithe na tíre agus pléifidh siad an tinneas.

I mBarr do Shláinte

Eipeasóid 4

S3 E4 23m

Sraith sláinte á chur i láthair ag an Dr. Sinéad O’Beirn. I mbun cainte le Sinéad beidh Marie Uí Thuairisg. Labhróidh sí faoin aife atá ar a hiníon. Casfaidh Catherine Ní Ghuairim le saineolaithe lena n-áirítear an Dr. Gerry Loftus.

I mBarr do Shláinte

Eipeasóid 5

S3 E5 24m

Sraith sláinte á chur i láthair ag an Dr. Sinéad O’Beirn. I mbun cainte le Sinéad beidh Treasa Uí Chonaire a labhróidh faoin ngalar airtríteas. Cuireann airtríteas as do na hailt. Inseoidh Treasa a scéal féin. Casfaidh Catherine Ní Ghuairim le saineolaithe agus le grúpaí tacaíochta atá ar fáil do dhaoine atá ag fulaingt le hairtríteas.

I mBarr do Shláinte

Eipeasóid 6

S3 E6 24m

Sraith sláinte á chur i láthair ag an Dr. Sinéad O’Beirn. I mbun cainte le Sinéad beidh Olga Ní Thiomáin a labhróidh faoin riocht craicinn, Aicne. Inseoidh Olga a scéal féin. Casfaidh Catherine Ní Ghuairim le saineolaithe chun an fhadhb a phlé.

I mBarr do Shláinte

Eipeasóid 7

S3 E7 22m

Sraith sláinte á chur i láthair ag an Dr. Sinéad O’Beirn. I mbun cainte le Sinéad beidh beirt a bhfuil dhá fhadhb éagsúla acu leis an bhfaireog thíoróideach. Buaileann Catherine Ní Ghuairim leis na comhairleoirí agus na saineolaithe.

I mBarr do Shláinte

Eipeasóid 8

S3 E8 23m

Sraith sláinte á chur i láthair ag an Dr. Sinéad O’Beirn. I mbun cainte le Sinéad beidh Kevin Kavanagh, fear a bhfuil an galar COPD nó an Galar Scamhóige Toirmeascach Ainsealach ag dul dó. Caitheamh tobac is cúis leis an ngalar. Tá an galar céanna air le 10 mbliana anuas. Buaileann Catherine Ní Ghuairim leis na comhairleoirí agus na saineolaithe.