Eipeasóid 1
S1 E1 5m
Tá áit lárnach ag cúrsaí meabhairshláinte i saol Choilm le blianta anuas. Tá sé tar éis an tábhacht atá le comhrá oscailte a fháil amach. I mí na Nollag 2019 chuir máthair Choilm lámh ina bás féin. Bhí neamhord dépholach ag gabháil di, rud nár thuig siad nó go raibh sí básaithe. Bhí agus bíonn neart comhráite oscailte ag Colm agus a chlann ó shin agus tugann siad an-tacaíocht dá chéile. Tugann Colm an-aire agus aird dá mheabhairshláinte. Tuigeann sé an tábhacht atá le rudaí ar nós dialann a choinneáil nó dul chuig comhairleoir chun cuidiú leis déileáil le nithe a bhíonn ag déanamh imní dó.