Junior Eurovision 2022

Ceol

Táthar sa tóir ar amhrán na hÉireann don Chomórtas Amhránaíochta Junior Eurovision 2022! Tabharfar deis do mhuintir na hÉireann iomaitheoir óg a roghnú i mbliana den chéad uair RIAMH. Beidh scoth na n-amhránaithe óga ar fud na hÉireann, idir 9 agus 14 bliain d'aois, ag glacadh páirt sa chomórtas. San Airméin a bheidh comórtas na bliana seo. Beidh láithreoir nua, Darragh Ó Caoimh, ar stáitse i dteannta Louise Cantillon a chuideoidh leis na moltóirí Niamh Ní Chróinín agus Chris Greene iomaitheoirí an bhabhta ceannais a roghnú. Beidh aoi-mholtóir éagsúil in éineacht leo gach seachtain.

Béarla G

Junior Eurovision 2022

Eipeasóid 7

S7 E7 2h 22m

Tá an príomhimeacht linn faoi dheireadh! Tar éis míonna d'éisteachtaí timpeall na tíre agus sé bhabhta cáilithe a bheith craolta chomh maith le vótáil phoiblí, tá an t-amhránaí Sophie Lennon réidh le dul ag canadh ar son na hÉireann i gComórtas Amhránaíochta an Junior Eurovision 2022 san Airméin. Is as an Iúr i gContae an Dúin Sophie agus tá sí dhá bhliain déag d'aois. Beidh amhrán á chasadh aici bunaithe ar bheith dóchasach don todhchaí. Tá gach duine ag súil go n-éireoidh go maith léi sa chomórtas. An féidir le Sophia an bua a bhaint amach? Guímid gach ádh uirthi!

Junior Eurovision 2022

Eipeasóid 5

S7 E5 50m

Táthar fós sa tóir ar amhránaí as Éirinn do Chomórtas Amhránaíochta Junior Eurovision 2022! Níl ach ochtar fanta i ndiaidh na n-éisteachtaí agus na réamhbhabhtaí a bhí le feiceáil ar an teilifís le míonna beaga anuas. Tá an t-ochtar seo in iomaíocht lena chéile chun áit a fháil sa mbabhta ceannais a bheidh ar siúl an tseachtain seo chugainn. Beidh orthu dul i bhfeidhm ar na moltóirí Niamh Ní Chróinín, Chris Greene agus aoimholtóir an chláir Brooke Scullion, a chas ag Eoraifís na bliana seo in Turin. Cé a dhéanfaidh an beart i mbliana? Á chur i láthair ag Louise Cantillon agus Darragh Ó Caoimh.

Junior Eurovision 2022

Eipeasóid 4

S7 E4 50m

Táthar fós sa tóir ar amhránaí as Éirinn do Chomórtas Amhránaíochta Junior Eurovision 2022! Rachaidh na hamhránaithe óga is fearr in Éirinn ar an stáitse, ag canadh do na moltóirí - Niamh Ní Chróinín, Chris Greene agus aoi-mholtóir an chláir, Linda Martin, buaiteoir na hEorafíse in 1992 i Malmo, sa tSualainn leis an amhrán "Why Me?". Cé a dhéanfaidh an beart i mbliana? Á chur i láthair ag Louise Cantillon agus Darragh Ó Caoimh.

Junior Eurovision 2022

Eipeasóid 3

S7 E3 50m

Táthar fós sa tóir ar amhránaí as Éirinn do Chomórtas Amhránaíochta Junior Eurovision 2022! Rachaidh na hamhránaithe óga is fearr in Éirinn ar an stáitse, ag canadh do na moltóirí - Niamh Ní Chróinín, Chris Greene agus aoi-mholtóir an chláir, Paul Harrington, a bhuaigh Eoraifís na bliana 1994 i mBaile Átha Cliath in éineacht le Charlie McGettigan leis an amhrán "Rock n Roll Kids". Cé a dhéanfaidh an beart i mbliana? Á chur i láthair ag Louise Cantillon agus Darragh Ó Caoimh.

Junior Eurovision 2022

Eipeasóid 2

S7 E2 50m

Táthar sa tóir ar amhránaí as Éirinn do Chomórtas Amhránaíochta Junior Eurovision 2022! Gach bliain téann na hamhránaithe óga is fearr, idir aois 9-14, ó mhór-roinn na hEorpa san iomaíocht sa gcomórtas seo. Amhráin pop i nGaeilge a bheidh na hiomaitheoirí ar fad a chasadh sa tsraith seo. Ansin cumfar amhrán go speisialta do bhuaiteoir an chomórtais chun an deis is fearr a thabhairt dóibh sa gcomórtas a bheidh ar siúl san Airméin ar an 11ú Nollaig. Cé a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann na hÉireann? Faoina moltóirí, Niamh Ní Chróinín agus Chris Greene, a bheidh sé na cinntí sin a dhéanamh.

Junior Eurovision 2022

Eipeasóid 1

S7 E1 50m

Táthar sa tóir arís ar an amhránaí agus ar an amhrán a sheasfaidh an fód d'Éirinn i gComórtas Amhránaíochta Junior Eurovision 2022 a bheidh ar siúl san Airméin! Téann na hamhránaithe óga is fearr idir 9-14 bliana d'aois ó ar fud na hEorpa san iomaíocht i gComórtas Amhránaíochta an Junior Eurovision gach bliain. Popamhráin Ghaeilge a bheidh á gcasadh ag na hiomaitheoirí ar fad sa tsraith seo. Is iad Niamh Ní Chróinín and Chris Greene na moltóirí buana agus beidh Niamh Kavanagh ina haoi-mholtóir ar chlár na hoíche anocht. Á chur i láthair ag Louise Cantillon agus Darragh Ó Caoimh.