S7 E6 50m
Tá muid tagtha le babhta ceannais an Junior Eurovision Éire 2023! Gheobhaimid amach anocht cé acu de na hiomaitheoirí a thabharfaidh aghaidh ar Chomórtas Amhránaíochta an Junior Eurovision sa Fhrainc ar an 26ú lá de mhí na Samhna. Canfaidh an té sin do na milliúin daoine ar fud na mór-roinne. Tá ár moltóirí Niamh Ní Chróinín, Aindriú de Paor agus Mickey Joe Harte anseo chun a dtuairimí a thabhairt faoi na taispeántais go léir. Ach is ag an lucht féachana atá an chumhacht sa bhabhta ceannais seo. Arís i mbliana, is ar bhonn vóta poiblí a roghnófar seaimpín na hÉireann. Cé a chloisfear ar an stáitse sa Frainc?
Béarla
11 Deireadh Fómhair 2023