Junior Eurovision 2024

Ceol

Tá Junior Eurovision Éire ar ais! Rachaidh Louise Cantillon sa tóir ar amhránaithe óga idir 10-14 chun páirt a ghlacadh sa gcomórtas. Roghnóidh na moltóirí Niamh Ní Chróinín, Tadhg Griffin, Niamh Kavanagh, Brooke Scullion agus Linda Martin deichniúr chun dul san iomaíocht ach ní bheidh fágtha ar deireadh ach amhránaí amháin chun páirt a ghlacadh sa Junior Eurovision Song Contest.

Béarla G

Babhta Ceannais - Maidrid

Eipeasóid 7

S8 E7 1h 58m

Tá an Junior Eurovision Song Contest 2024 buailte linn agus tá Enya Cox Dempsey réidh chun tabhairt faoin ardán. Beidh 15 tír san iomaíocht ag an ócáid ollmhór seo i Maidrid na Spáinne. Tá súil ag Enya go rachaidh a hamhrán Gaeilge "Le Chéile" i gcion ar mhuintir na Mór-roinne. Go n-éirí léi!

¡Hola Enya!

Eipeasóid 6

S8 E6 50m

Beidh an Junior Eurovision ar bun i Maidrid faoi cheann seachtaine. Is í Enya Cox Dempsey a bheidh ag canadh thar ceann na hÉireann agus tá sí ag fáil faoi réir don chomórtas ollmhór seo. Feicfear mar a d'éirigh le Enya an comórtas náisiúnta a bhuachan agus í ag taifeadadh an Eurosong nua "Le Chéile". Beidh géarchoimhlint ann le cúig dhuine dhéag istigh ar an Junior Eurovision. Hola Enya!

Babhta Ceannais

Eipeasóid 5

S8 E5 50m

Tá uair na cinniúna tagtha, níl ach triúr fágtha sa gcomórtas agus beidh duine acu ag déanamh ionadaíocht thar ceann na hÉireann sa Junior Eurovision Song Contest! Cé a bheidh ann? Is faoi na moltóirí, Niamh Ní Chróinín, Tadhg Griffin agus banríon na hEoraifíse, Linda Martin, a bheidh sé duine a roghnú.

Junior Eurovision 2024

Eipeasóid 4

S8 E4 50m

Cé gur chuir na céadta isteach ar an gcomórtas seo anois níl ach seisear fanta. Beidh an deis ag duine amháin acu ionadaíocht a dhéanamh d'Éirinn sa Junior Eurovision Song Contest. Is iad Niamh Ní Chróinín, ceoltóir Tadhg Griffin agus Sophie Lennon, a tháinig sa gceathrú áit d'Éirinn in 2022, na moltóirí.

Junior Eurovision 2024

Eipeasóid 3

S8 E3 50m

Tá Junior Eurovision Éire ar ais! Rachaidh Louise Cantillon sa tóir ar amhránaithe óga idir 10-14 chun páirt a ghlacadh sa gcomórtas. Roghnóidh na moltóirí Niamh Ní Chróinín, Tadhg Griffin, Niamh Kavanagh, Brooke Scullion agus Linda Martin deichniúr chun dul san iomaíocht ach ní bheidh fágtha ar deireadh ach amhránaí amháin chun páirt a ghlacadh sa Junior Eurovision Song Contest.

Junior Eurovision 2024

Eipeasóid 2

S8 E2 51m

Tá Junior Eurovision Éire ar ais! Rachaidh Louise Cantillon sa tóir ar amhránaithe óga idir 10-14 chun páirt a ghlacadh sa gcomórtas. Roghnóidh na moltóirí Niamh Ní Chróinín, Tadhg Griffin agus aíonna speisialta deichniúr chun dul san iomaíocht ach ní bheidh fágtha ar deireadh ach amhránaí amháin chun páirt a ghlacadh sa Junior Eurovision Song Contest.

Junior Eurovision 2024

Eipeasóid 1

S8 E1 50m