Junior Eurovision 2025

Ceol

Tá an Junior Eurovision ar ais. Tá amhránaithe óga na tíre ag glacadh páirt sa Junior Eurovision anois le deich mbliana! Rachfar sa tóir ar iarrthóirí as chuile chearn den tír chun stéibh a chasadh do na moltóirí Niamh Ní Chróinín, Hugh Carr agus Tadhg Griffin.

Béarla G

Beo ó Tbilisi

Eipeasóid 7

S9 E7 2h 18m

Tá uair na cinniúna buailte linn! Tá Lottie O'Driscoll Murray as Corcaigh réidh chun tabhairt faoin stáitse ag an Junior Eurovision Song Contest 2025. Beidh amhránaithe as 18 tír ag canadh in Tbilisi na Seoirsia ach is í Lottie as Corcaigh a bheidh ag dul ann thar ceann na hÉireann.

Junior Eurovision 2025

Eipeasóid 5

S9 E5 50m

Tá uair na cinniúna buailte linn! Níl ach triúr fágtha as na céadta a chur isteach ar an gcomórtas agus ní roghnófar ach duine amháin chun dul ar aghaidh chuig an Junior Eurovision Song Contest i mbliana. Is faoi na moltóirí Niamh Ní Chróinín, Hugh Carr agus Linda Martin a bheidh sé iarrthóir amháin a roghnú. Beidh a fhios againn anocht cé a bheidh ag canadh thar ceann na hÉireann sa gcomórtas mór.

Junior Eurovision 2025

Eipeasóid 4

S9 E4 50m

Níl ach seisear fágtha as na céadta a chur isteach ar an gcomórtas i mbliana. Ní roghnófar ach iarrthóir amháin chun dul ar aghaidh chuig an Junior Eurovision 2025. Is faoi na moltóirí Niamh Ní Chróinín agus Hugh Carr a bheidh sé na hiarrthóirí is fearr a roghnú, beidh Emmy a chan sa Eurovision 2025 ina dteannta freisin.

Junior Eurovision 2025

Eipeasóid 3

S9 E3 50m

Tá an Junior Eurovision ar ais! Beidh Louise Cantillon sa tóir ar amhránaithe óga ó cheann ceann na tíre. Beidh na céadta ag tabhairt faoin stáitse ach ní roghnóidh na moltóirí ach deichniúr chun stéibh a chasadh sa stiúideo chun an deis a fháil páirt a ghlacadh sa Junior Eurovision. Is faoi na moltóirí Niamh Ní Chróinín, Hugh Carr, Niamh Kavanagh agus Linda Martin a bheidh sé na hamhránaithe is fearr a roghnú.

Junior Eurovision 2025

Eipeasóid 2

S9 E2 50m

Tá an Junior Eurovision Éire ar ais! Beidh Louise Cantillon ag dul sa tóir ar amhránaithe óga ó cheann ceann na tíre. Tabharfaidh na céadta faoin stáitse ach ní roghnóidh na moltóirí ach deichniúr chun stéibh a chasadh sa stiúideo agus an deis a fháil páirt a ghlacadh sa Junior Eurovision. Is faoi na moltóirí Niamh Ní Chróinín, Hugh Carr, Niamh Kavanagh agus Linda Martin a bheidh sé na hamhránaithe is fearr a roghnú.

Junior Eurovision 2025

Eipeasóid 1

S9 E1 50m

Tá an Junior Eurovision ar ais! Beidh Louise Cantillon ag comóradh deich mbliana den Junior Eurovision agus í sa tóir ar amhránaithe óga ó cheann ceann na tíre. Beidh na céadta ag tabhairt faoin stáitse ach ní roghnóidh na moltóirí ach deichniúr chun stéibh a chasadh sa stiúideo chun an deis a fháil páirt a ghlacadh sa Junior Eurovision. Is faoi na moltóirí Niamh Ní Chróinín, Niamh Kavanagh agus Linda Martin a bheidh sé na hamhránaithe is fearr a roghnú.